en fy eu mk sl ga

Éirí Amach an Ghleanna- Oíche Filíochta agus Ceoil

D'éirigh le Petra freastal ar oíche filíochta agus ceol, imeacht de chuid Féile Ealaíona an Earagail. Tá baint ag Louis de Paor agus Cathal  O Searcaigh le litríocht na Slóivéine chomh maith tríd an páirt a ghlac siad sa dá leabhair: Čudovita usta/Wonderful mouth agus Dva: Diolaim de Nua-Litriocht Na Sloiveine'. 

Is as cathair Chorcaídon fhile Louis de Paor. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris cheannródaíoch filíochta Gaeilge Innti sna hochtóidí agus tá mórchuid duaiseanna buaite ag a chuid cnuasach. Is é eagarthóir Leabhar na hAthghabhála: Poems of Repossession, duanaire filíochta atá díreach eisithe ag Bloodaxe agus a bhfuil rogha dánta Gaeilge ann a scríobhadh ó bhítús an 20ú haois ann. Tá Louis ina Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Foilsíodh an chéad chnuasach filíochta de chuidChathail Uí Shearcaigh, Súile Suibhne, i 1987. I measc na gcnuasach is deireanaí uaidh tá An Fear Glas/The Green Man agus An Bhé Ghlas, a d’fhoilsigh Leabhar Breac anuraidh. Tá rogha dá dhánta le fáil sa duanaire nua-fhoilsithe, Leabhar na hAthghabhála, a chuir Louis de Paor in eagar.

Is fidléir, cumadóir agusmúinteoir ceoilí TheresaKavanaghas Gort an Choirce. D’eisigh sí a céad dlúthdhiosca, The Seventh Veil, in 2007, agus bhí sí páirteach in mórchuid ceolchoirmeachaagus féilte, in Éirinn agus thar lear, ó shin i leith – Féile Ealaíne an Earagail, Celtic Connections i nGlaschú agus Celtic Colours in Nova Scotia, ina measc

WHEN

July 21
19:00

WHERE

Mín an Leá, Gort an Choirce, Co. Dhun na nGall