en fy eu mk sl ga

Léamh Filíochta

Reáchtálfar Léamh Filíochta in Oifig Fhoras na Gaeilge ar an 13 Iúil ag 12.45pm. Triúr scríbhneoir, Cvetka Bevc, ón tSlóivéin, Réaltán Ní Leannáin agus Áine Ní Ghlinn, a bheas ag léamh sliochtanna óna gcuid saothar i nGaeilge agus sa tSlóivéinis. Léifidh Áine Ní Ghlinn leagan Gaeilge de dhánta Cvetka, atá aistrithe aici go Gaeilge. Tá an t-údar Cvetka Bevc roghnaithe ag Cumann Ealaíne Comhaimseartha X-OP sa tSlóivéin le haghaidh na cónaitheachta liteartha Focail Eile in Éirinn. Is í Réaltán Ní Leannáin an chéad scríbhneoir Éireannach le bheith roghnaithe ag Foras na Gaeilge don tionscadal Focail Eile. Tá tréimhse chónaithe déanta aici i Leeuwarden, san Isiltír. Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn, a bhfuil dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga.

WHEN

July 13
12:45

WHERE

Foras na Gaeilge, 7 Merrion Square, Dublin 2