en fy eu mk sl ga

Tóg an Mic

 Sár-oíche filíochta, focal labhartha, ceoil agus grinn a bheas ann. Ní bheadh a fhios agat céard a tharlódh i rith na h-ócáide speisialta Ghaeilge seo ag ceiliúradh Oíche Shamhna.

Rossa Ó Snodaigh a bhéas á cur i láthair, beidh Caitlín Nic ĺomhair, Inni-K, Marcus Mac Conghail agus Philip Cummins ina chuideachta agus beidh ceol againn ó Brian Hogan agus Colm Ó'Snodaigh ó Kíla.

Oíche ‘mic-oscailte’ í seo, mar sin beidh deis ag an lucht féachana an stáitse a thógáil agus a gcuid iarrachtaí fhéin a roinnt linn. Beidh Yoseba ag léamh an bunleagan bascais don dán ' NIRE AITAREN ETXEA' leis an file bascach Gabriel Aresti. D'aistrigh ball den ghrúpa Kila an dán go Gaeilge.

 

WHEN

October 28
19:00

WHERE

Aras na Scríbhneoirí