en fy eu mk sl ga

Colm Ó Ceallacháin

2017-12-14 01:07 — Donostia

Agur, Euskal Herria

Is doiligh liom a chreidiúint go bhfuil ocht seachtaine tar éis sciorradh thart chomh sciobtha sin i dTír na mBascach - teist, ar ndóigh, ar chomh breá is atá an áit, agus na daoine ach go háirithe. Daoine mar Idoia, a threoraigh mé ar feadh mo shlí anseo ón gcéad lá, nó Yoseba, lenar chaith mé uaireanta fada ag plé litríochta, agus an saol i gcoitinne leis. Lagunak iad, a chiallaíonn daoine i mBascais ach cairde chomh maith céanna. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar a gcairdeas siúd nó alán eile nach iad.

Maireann aonach na leabhar i Durango ar feadh ceithre lá, ardán iontach do litríocht is do cheol na Bascaise. Ardú croí (agus cúis éada, is fíor) na sluaite a fheicim ag freastal air, fiú is go rabhamarna i láthair an lá ba chiúine aige. Rinne Yoseba léamh óna úrscéal nua, cuid de a scríobhadh in Éirinn le linn a thréimhse cónaithe ann anuraidh, agus thug mé blaiseadh beag de litríocht na Gaeilge don lucht éisteachta ina dhiaidh sin. Sliocht as gearrscéal le Réaltán Ní Leannáin a léigh mé , scríbhneoir eile a bhain tairbhe as scéim seo Focail Eile, agus é aistrithe go Bascais ag Yoseba ón leagan Béarla. 

An moladh is fearr gur féidir le lucht éisteachta a thabhairt d'aon saothar ná éisteacht go ciúin leis, nó é a léamh go cúramach sa chás seo, rud a rinne an slua ón téacs Bascais a bhí curtha ar an scáileán ag Yoseba dóibh. Tá súil agam gur thug mé an gradam is dual don scéal breá seo atá suite i mBéal Feirste, fiú i mo chanúint gharbh Mhuimhneach. Ach conas sa diabhal a fhoghraítear 'tchím?' 

Níl ócáid ar bith sa tír seo gan clár blasta bia mar thionlacan léi, agus b'amhlaidh an cás ag aonach Durango. D'itheamar béile faoin aer is muid ag amharc anuas ar an mbaile is ar na sléibhte ar a chúl.

Taobh thiar de Idoia agus Yoseba feictear Sliabh Anbuto, mar a chónaíonn an bandia Mari. Cloistear tóirneach ar fud na dúiche nuair a bhíonn sí féin is a bhuachaill Sugaar ag buaileadh craicinn, de réir dealramh. Dála na Tuatha Dé Danann sa bhaile, tá cónaí ar na jentilak seo go léir - na seandéithe - faoi thalamh anois. Tá eisceacht amháin ann, mar is oth liom a rá nach bhfuil ann do Dhaidí na Nollag i dTír na mBascach. An dea-scéal do pháistí na mBascach, áfach, ná go bhfuil a bpearsa ársa féin acu, Olentzero, a thagann chucu gach oíche Nollag ag dáileadh féiríní orthu.

Iarsma den seanchreideamh é, is cosúil, agus fear breá téagartha chomh maith céanna, fear déanta gualach an chuid eile den bhliain go deimhin. 

Ar mo lá deireanach anseo bronann Idoia féirín orm féin, turas go Asteasu, baile dúchais Bernardo Atxaga. Tá sé luaite cheana féin agam, an scríbhneoir Bascais is mó cáil is dócha, agus is maith liom an beagán dá shaothar atá léite go dtí seo agam. Deinimid turas an tsráidbhaile is muid ag éisteacht, le cabhair aip Idoia, le Atxaga féin ag cur síos ar na rudaí a thug inspioráid dó ann is é ag fás aníos. Conair an eirc a thugtar ar an turas mar go gcaitheann reacaire a shaothair 'Obabakoak' cuid mhaith den leabhar ar thóir scéal an eirc luachra a chreideann sé a d'éalaigh isteach trí chluas a chompánach scoile is a d'alp siar a intinn, á fhágáil ina amadán cruthanta.

In Éirinn, is chuig an goile a thriallfadh an t-ainmhí sin, más fíor na scéalta. Mo sheanmháthair, a d'fhás aníos in oirthear Luimní gan fiú Gaeilge na scoile aici an uair úd, an mana a bhí aici nuair a bhíodh craos bia ar éinne againn ná 'Oh, you have the Arr Looker in you.' Tá an t-airc sin chun bia agam i gcónaí, agus sásaíodh í i dtábhairne breá i lár an bhaile, agus arís istoíche i gcomhluadar Imanol agus Petra istigh i Donostia. Agur, lagunak, dá bhrí sin, slán a chairde, go fóill ar aon nós.