en fy eu mk sl ga

Focail Eile

2018-04-19 11:50 —

An 6ú Scribhneoir Gaeilge roghnaithe

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Aifric Mac Aodha roghnaithe acu le seal a chaitheamh sa Fhreaslainn  mar chuid den tionscadal Focail Eile i mbliana.

Díreoidh Aifric ar a saothar scríbhneoireachta, beidh sí ag coinneáil blag agus beidh sé páirteach in imeachtaí a bhaineann le mionteangacha, an Fhreaslainnis go háirithe, nuair a bheas sí ann.

Rugadh Aifric Mac Aodha in 1979. D’fhoilsigh An Sagart an chéad chnuasach filíochta léi, Gabháil Syrinx, sa bhliain 2010 agus is é Foreign News an cnuasach is déanaí léi (The Gallery Press, 2017). Chaith sí seal ina heagarthóir ar Comhar agus le tamall de bhlianta tá sí ag obair ina heagarthóir Gaeilge ar The Stinging Fly, gorse agus Trumpet, iris de chuid Poetry Ireland. Bhronn An Chomhairle Ealaíon ceithre cinn de sparánachtaí uirthi i gcaitheamh na mblianta. Foilsíodh a saothar ar irisí éagsúla, e.g. POETRY (Young Irish Poets) agus aistríodh go teangacha éagsúla é, An Fhraincis, An Ghearmáinis, An Iodáilis, An Spáinnis agus an tSeicis san áireamh. Bhain sí céim le céad onóracha amach sa tSean-Ghaeilge agus sa Nua-Ghaeilge sa bhliain 2001. Tá na blianta caite aici ag teagasc litríocht agus theanga na Gaeilge in ollscoileanna éagsúla agus tá sí anois ag obair ina heagarthóir cúnta leis an nGúm.