en fy eu mk sl ga

Colm Ó Ceallacháin

2017-11-21 22:15 — Donostia

Bás agus Beatha

Príomhchathair réigiúin Nafarroa é Iruna (Pamplona na Spáinise), ach is cathair Bhascach í go príomha, le méara agus móramh Bascach á rialú. I mo tháinrith trí sráideanna cúnga an tseanbhaile dom, is gan tarbh ar bith ar mo thóir, faighim blas éigin de stair na cathrach ársa, álainn seo.

Go gairid tar éis dó na Múraigh a ruaigeadh as Andalucia chas rí na Caistíle, Ferdinand el católico (an raibh sé chomh cráifeach sin?) a shúil ó thuaidh i dtreo cúige neamhspleách na Naváire. Le géilleadh Iruna dó i 1512 is féidir tús impireacht na Spáinne a áireamh, agus deireadh ré i stair na mBascach chomh maith céanna.  

Páirc an Chrócaigh Iruna, La Plaza del Toros.

Ag fágáil an bhaile dom tagaim ar cholm marbh ar thaobh an bhóthair, an fhuil fós ag téachtadh ar a chleití. Drochfháistine, domsa ach go háirithe, is ní maith liom veain an chomhlachta higiénico a fheiceáil faoi bhun m'fhuinneog an lá dar gcionn ach chomh beag, agus 'matar palomas' nó marú choilm (agus colúir freisin, is fíor) i measc na seirbhísí atá á dtairiscint acu. Pé geasa atá sáraithe agam leis na tuartha seo, scaoiltear iad i Gernika faoi ghrian an tráthnóna, le hais an tseanchrainn darach mar ar fógraíodh taoisigh na mBascach riamh anall. Tá síochán á fhógairt inniu ó chraobhacha na gcrann os mo chionn ag colm, Usoa i mBascais agus ainm dílis baineann chomh maith céanna anseo.

Is deacair a shamhlú ar lá chomh breá gur anseo a tháinig deireadh le caibidil eile i stair na mBascach le hionradh na mbuamadóirí Gearmánacha is Iodáileacha ochtó bliain ó shin, iad ag scriosadh an bhaile is ag sladadh an phobail. Ni críoch ach athfhás, áfach, mar as na luaithreacha sin is léir inniu pobal láidir, féinmhuiníneach Bascach, an teanga níos láidre ná mar a bhí le fada, agus dualgas ar gach lehendakari, nó uachtarán na tíre móid dílseachta a ghlacadh i mBascais os comhair an chrainn darach is déanaí atá curtha ar an láthair céanna.

Is deacair freisin gan a bheith corraithe tar éis cuairt a thabhairt ar mhusaem na síochána i Gernika, ag léamh is ag éisteacht le cur síos pearsanta mhuintir an bhaile ar lá uathmhar sin an áir nuair a tháinig cogaíocht na haoise nua, chomh maith leis an deachtóireacht ina steillbheatha, ar cuairt chucu. 

 Cuid éigin den chóip de 'Guernica' atá san iarsmalann. Tá an tarbh, agus aghaidh Picasso air de réir dealramh, ag cosaint na máthar, an éan in aice láimhe ag éamh le huafás.

Aisteach go leor, 'lá mór bróin' a bhí sa lá inné, an fichiú Samhain, i rith blianta Franco, mar ar comóradh ceannaire an Falange, José Antonio Primo de Rivero, a cuireadh chun báis ag na poblachtánaigh ar an lá sin i 1936. Níos íorónta fós fiú, fuair an Caudillo é féin bás ar an lá céanna i 1975. Lón machnaimh dom é seo go léir agus mé ag iarraidh scéal a scríobh atá lonnaithe i ndeachtóireacht shamhailteach Éireannach. Ficsean amach is amach a bheidh ann, ar ndóigh, mar nach dtarlódh a leithéid riamh in Éirinn. Nach ea? 

Más lón machnaimh é an mhéid sin dom, inspioráid í bualadh le Yoseba Pena, fear a chaith a sheal in Éirinn faoi scéim Focail Eile anuraidh. 

 Yoseba agus focair eile.

Caibidil a scríobh sé i rith an ama sin as saothar níos faide is níos uaillmhianaí fós, urscéal a thráchtann ar thrí ghlúin de mhná Bascacha ó ré an chogaidh cathartha go laethanta suaite E.T.A. sna hochtóidí. Saothar dúshlánach scríofa ag fear a dhiongbhála, fear ildánach a chaitheann a dhua leis an litríocht anois in ainneoin an iliomad tallann eile aige. Táim ag súil bualadh leis arís i Durango an mhí seo chugainn, is ag dúil go mór le haistriúchán na caibidle sin a léamh as Gaeilge amach anseo.