en fy eu mk sl ga

Diarmuid de Faoite

2017-11-28 16:36 — Bitola, Macedonia

Cuairt Sciopthaí agus Imeacht Buíoch...

Sciúird Siar.

Tá na Macadónaigh tagtha. Shíl mé iad a mhealladh as an árdchathair le fada, ag iarraidh a mhíniú dóibh gur dul amú a bheadh ann gan cuairt a thabhairt ar an Iarthar. Cuma cé as thú, ní chreidim go bhfuil cuairt déanta ar Éirinn agat gan cuairt a thabhairt ar an gcósta thiar, áit ar bith idir Thír Chonaill agus Corcaigh. Creidim fós é. Go deimhin, tá fhios agam é. Cé a déarfadh gur ionainn Londain agus Sasana, nó gur ionainn an Spáinn agus Madrid? Ní cheapfainn é.

Chroch Alek agus Margharita leo an droch aimsir nó sin an leithscéal a bhíonn againn anseo san iarthar don aimsir fhliuch leanúnach is dual don cheantar, an aimsir chéanna a chruthaíonn iontaisí an tsaoil as an aoill chloch agus as an éibhir, a thugann míorúilt na Boirne dúinn agus maorgacht na mBeanna Beola.

Ach bia i dtosach. Fadhb: níl cleachtadh acu ar bhia mara agus bia mara is mó a bhíonn ar an mbiachlár anseo! Próiséas foghlama don triúr againn é! Tugaim siar go Ó Donnells i mBearna iad, pub/bialann deas cluthar agus itheann siad a sáigh den sicín fad is atá mise ag slogadh sliogéisc. Abhaile linn agus cuirim síos tine, muid triúr compórdach i mo theaichín beag semi-d gan tuí.

Tugann muid ár naghaidh ar Chonamara an lá dar gcionn ach tá an aimsir gránna. Na cnoic a chuireadh ionadh mór orm agus mé i m’pháiste ní iontas mór do na Macadónaigh iad, iad faoi cheo agus muintir na Macadóine róchleachtach ar shléibhte ar aon nós! Ní fhagann muid aon phingin inár ndiaidh sa gCoill Mhór (Kylemore) mar go bhfuil cibé cén dream atá i gceannas air faighte ró-shantach agus fios ag an seanmhadra seo nach iontas rómhór é an taobh istigh den gcaisleán céanna. Insím scéal an chaisleáin dóibh, an milliúnaí seo as Manchan a thóg an áit mar bhronntanas dá bhean. Déanann airgead amadáin as daoine!

Ocras orainn faoin am seo ach b’fhearr linn ár gcuid airgid a bhronnadh ar an bpub beag áitiúl a mbín ag ól ann fadó seachas an gnó rómhór atá i gKylemore anois. Trua liom turasóirí sa lá atá inniu ann agus chomh deacair is a bhíonn sé orthu gan géilleadh do na háiteacha seo.

Bia Éireannach atá á lorg ag Margharita agus stóbhach breá te a fhaigheann sí ar an lá fhliuch gheimhriúl seo. Insím dóibh faoi Pháirc Náisiúnta Chonamara, áit a mbínn ag obair ann ach an aimsir róghránna le cuairt a thabhairt ann.

Coinníonn muid orainn chomh fada leis an gcósta agus léimeann na Macadónaigh amach as an gcarr mar a bheadh coileáin gadhair ann. Cuma leo faoi chnoic ach scéal eile ar fad is ea trá agus an fharraige mhór. Táid ríméadach. Iad faoi gheasa ag Leitir Geis. Cabhraíonn an droch aimsir chun an trá a fhágáil fúinn fhéinn. Ar ndóigh tá trá agus trá ann. Trá locha amháin a bhíonn sa Mhacadóin, trá mheánmhuireach is giorra dóibh ach diabhail mórán tuilleadh agus trá thall. Go deimhin is cuimhin liom féin fadó nuair a thug m’athair soir go dtí Loch Garmain sinn ar saoire agus an díomá mór a bhí orainn nuair a chonaiceamar an trá ann: ‘Ní trá é seo, cá bhfuil na tonnta?!’ Réabhlóid clainne an uair úd nó gur gheall sé go dtabharfadh sé sinn go dtí áit éigin ina mbeadh tonnta ach go gcaithfeadh muid seachtain a chaitheamh anseo nó ní bhfhaigheadh sé an chuid eile den airgead a d’íoc sé leis an ionad carabháin thar nais. ‘No way!’. Margláil ansin go dtí go raibh uachtar reoite an duine in aghaidh an lae bainte againn as. Bhí an margadh déanta agus tonnta na Trá Móire ag fanacht linn.

‘Shílfeá gur trá Astrálach atá ann,’ arsa Alek. É ag trácht ar na tonnta ar ndóigh ach mo dhóthain ama caite agamsa san Astráil le fios agam nach bhfuil trá ar bith ag na hAstrálaigh inchurtha le trá Leitir Geis! 

Tine eile curtha síos an oíche sin againn agus nuair a dhúisíonn muid an lá dar gcionn, bíonn an spéir glanta, lá gealgorm romhainn agus é in am mo chuid cuairteoirí a thabhairt ar cuairt ó dheas: iontais na Boirne. Cinn Mhara an chéad stop againn agus cur síos ar na seanbháid ann. As sin go dtí Ceann Boirne áit ina raibh deis ag an luibheolaí seo a chuid eolais agus ghrá dá chondae dúchais a reic leo, Alek agus Margharita faoi dhraíocht ag an Aigéan agus ag iontaisí na mara greannta leis na milliúin bliain sna clocha faoinár gcosa.

Bíonn an Trá Bhuí nó Fánóir ag fanacht linn agus muid ar nós gasúir ag spraoi leis an ngaineamh agus ag dreapadh na ndumhachanna. Barra seacláide ó Oifig an Phoist sa bhFánóir le muid a choinneáil ag imeacht chomh fada le Mionnáin Mhothair. Théadh muid ann go minic agus muid óg: iad ar lorg €6.50 an duine anois le páirceáil ann! Beag an baol, casaim an carr thart agus aimsíonn fear na háite cúinne beag inar féidir linn tarraingt isteach agus dul ag dreapadh ar na hAilltreacha gan fir gaimbín ná treoraithe leath oilte bheith ag cur isteach orainn. Síleann Alek agus Margharita go bhfuil na tonnta mór nó go míním dóibh gur farraige an chiúin atá inniu againn. Baineann mé fhéin agus Margharita an sult as an gcontúirt a bhaineann leis an siúlóid cois aille, Alek beagán níos cúraimí, mar is nós leis. Caithfidh ciall a bheith ag duine eicint.

Ar ndóigh ní bhuaileadh tada siúlóid cois farraige sa gheimhreadh le goile a thabhairt do dhuine agus stopann muid i mBaile Uí Bheacháin le haghaidh dinnéir, an ghrian go híseal sa spéir anois. Éiríonn muid lán agus codlatach nó go gcaithim súil ar an gclog a thugann le fios dom gur caol sheans atá ann go mbainfidh muid an stáisiún bus amach anois in am. Ach cabhraíonn eolas áitiúl arís agus taithí na mbóithre: tarraingíonn muid isteach agus iad ag dúnadh na dóirse ar an mbus. Cuairt sciopthaí agus imeacht buíoch, sroicheann siad BÁC an oíche sin agus téim ar thóir eolais faoi Roger Casement, ábhar staidéartha Alek. Cupla seachtain ina dhiaidh agus tá staraí áitiúl aimsithe ag cara liom sna Gleannta a dhéanfaidh an nasc idir Casement agus an Mhacadóin a fhiosrú dó.

Diabhail cailleadh ar mar deireadh seachtaine.