en fy eu mk sl ga

Focail Eile

2016-06-28 16:00 —

Cvetka Bevc: an chéad scríbhneoir in Éirinn don tionscadal Focail Eile

Tá an t-údar Cvetka Bevc roghnaithe ag Cumann Ealaíne Comhaimseartha X-OP sa tSlóivéin le haghaidh na cónaitheachta liteartha Focail Eile in Éirinn.

 

Is file, scríbhneoir agus ceoltóir í Cvetka Bevc a chónaíonn agus a shaothraíonn in Ljubljana. Scríobhann Cvetka prós, filíocht, litríocht d’aosaigh óga agus saothair dhrámaíochta. Tá níos mó ná tríocha dráma raidió mar léiriúcháin iomlána scríofa aici agus tá níos mó ná fiche leabhar foilsithe aici. Tá a saothair filíochta agus phróis aistrithe go Béarla, Gearmáinis, Iodáilis, Seicis, Seirbis, Cróitis, Bulgáiris, Rómáinis, Sínis, Bealarúisis, Laitvis etc. Tá roinnt script scannáin, ceoldrámaí amharclainne agus a lán léiriú ceoil agus bunscór do dhrámaí raidió, drámaí amharclainne agus scannáin scríofa aici freisin.

 

Bhí Cvetka páirteach i léamha liteartha ag an mbaile chomh maith le thar lear (an Iodáil, an Chróit, an Eastóin, an Rómáin, an Bhulgáir, Sasana, an Fhionlainn etc.) agus bhí sí ina ball de thurais liteartha ar fud na hAstráile, na Síne agus na Macadóine. Is ball í de Chumann Scríbhneoirí na Slóivéine, Ionad PEN na Slóivéine agus foireann eagarthóireachta an irisleabhair Poetikon. Tá roinnt blianta caite aici ag eagrú agus i mbun fhéile Laethanta Leabhar na Slóivéine. Tá seal fada caite ag Cvetka cheana in Éirinn nuair a bhí sí ag déanamh staidéir in Ollscoil na hÉireann Corcaigh.

 

Tá na gradaim seo a leanas bainte amach ag Cvetka:

 

  • buaiteoir Srebrno pesniško pero (Peann Airgid an Fhile) ón bhféile fhilíochta idirnáisiúnta Slovanski objem (Barróg Shlávach) in Varna (an Bhulgáir),
  • bhí úrscéal, Potovci, sa bhabhta ceannais do Ghradam Kresnic 2012 don úrscéal is fearr,
  • roghnaíodh an t-úrscéal d’aosaigh óga Desetka (an Deichniúr Mór) don tionscadal náisiúnta Rastem knjigo (Táim ag fás le leabhar) agus ainmníodh é do Ghradam Desetnica 2012 agus do Ghradam Večernica 2012 don saothar is fearr sa réimse litríocht d’aosaigh óga,
  • ar dhuine de na daoine sa bhabhta ceannais sa Turnaimint Filíochta in 2015, 2014 agus 2011.
  • ainmníodh an t-úrscéal do leanaí, Čivknjeno od začetka do konca (Ghiolgaigh ó Thús Deiridh) le haghaidh ghradam Desetnica 2014 don litríocht leanaí is fearr.
  • ainmníodh an leabhar do leanaí Pesem za vilo (Dán do Shióg) le haghaidh ghradam Desetnica 2011,
  • bhuaigh bailiúchán gearrscéalta Zgodbe iz somraka (Scéalta ón gClapsholas) an gradam liteartha idirnáisiúnta Mreže mest 12. Pazinskih literarnih srečanj (Gréasáin cathracha na 12ú tionól liteartha Pazin),
  • Buaiteoir an deontais liteartha HALMA GRANT in 2010.