en fy eu mk sl ga

Colm Ó Ceallacháin

2017-10-30 19:00 — Donostia

Donejakue Bidea - pixka bat

Ó bhalcóin Tigh Hugo, árasán na scríbhneoirí i Pasai Donibane, feicim sruth leanúnach siúlóirí is iad ag déanamh a mbealach go Santiago de Compostela. Ó tá sé ar tairseach agam, tá sé chomh maith agam féin giota de a shiúl, cé nach mbeidh mo thuairiscse leath chomh hoilte leis na saothair bhreátha Ghaeilge a scríobhadh ar an turas sin. Fiche nóiméad a thógann sé ar an traein mé a sheoladh as seo go Hendaye sa bhFrainc nó, i s cirte a rá, i gcúigí tuaisceartacha Thír na mBascach, ó tá an pobal Bascach lonnaithe sa dúiche seo i bhfad sula raibh a leithéid de rud ann agus stát Francach nó Spáinneach. Níl ullmhúchán spioradálta déanta agam le go dtoillfinn muirín an oilithrigh, ach faighim ruacan beag ar an trá anseo a dhéanfaidh an chúis ar feadh na slí. Bád a sheolann thar teorainn ar ais go Hondarribia mé, ach is de shiúl na gcos é as seo amach. Cúpla coiscéim na trócaire mar sin, dóibh siúd nach bhfuil linn níos mó, ar an mbealach álainn a shníonn idir Sliabh Jaizkibel agus an Mhuir Chantabriach.

 

Tá tuairisc fágtha ar shuíomh Focail Eile ag scríobhneoir Fréaslannach, Bart Kingma, ar chuid den turas céanna seo a shiúl, agus is deas a shamhlú go bhfuilim ag siúl ina lorg siúd. Táim freisin, ar chaoi éigin, ina lorg siúd agus gach scríbhneoir eile a chaith seal i dtír iasachta ag treabhadh leo ó thosnaigh an scéim seo. Go deimhin is beag neach daonna a fheicim ar feadh an ocht uaire an chloig atá romham. Ceithre bhadhbh mhísciamhach, Griffon Vultures, a bheidh do mo thionlacan formhór an ama, iad ag faoileáil thart os mo chionn, a gcinn screamhacha á gcrochadh ar chlé is ar dheis acu is iad ar thóir creiche. Ní bhfaigheann siad uaimse é, inniu ar aon nós, is sroichim baile tuirseach, sásta roimh thitim na hoíche.

Is oilithreacht de shórt eile é dul go Anoeta, stáid an chumainn áitiúil, Real Sociedad. i gcoinne Espanyol atá siad ag imirt, dara chumann chathair Barcelona, agus tar éis dóibh siúd cúl ámharach a ghoid go luath san imirt suíonn siad siar (mar a dhéarfadh anailísithe TG4) á chosaint. Faoi dheireadh cothromaíonn an laoch áitiúil, Asier Illaramendi do Real, ach teipeann orthu an dara chúl a scóráíl. Buailtear buille eile orthu i dtreo deireadh na himeartha nuair a thugtar bata is bóthar do Illaramendi agus an dara chárta buí bronnta air ag an réiteoir, nó Hijo da Puta mar is fearr aithne air i measc lucht leanta Real.

   Aon, dó, trí, ceathair, cúig, sé, seacht...REAL!

Le spórt de shórt eile a chaitheann muintir Pasai Donibane a dhua. Tá an grá acu don rámhaíocht - ní an cineál a chleachtaíonn muintir an Sciobairín ach i mbáid faoi chíle níos doimhne, agus ceathrar nó seisear d'fhoireann ann.

Rug cailíní an chumainn an chraobh leo i rith an tsamhraidh agus regattas á mbuachaint acu ar fud an chósta, is tá dathanna bándearga an chumainn ar crochadh i ngach áit.  

Cúpla lá tar éis fhorógra neamhspleáchais na Catalóine tháinig, mar a bheadh fás aon oíche ann, bláthú ar a mbratach siúd taobh le bratacha an chumainn. Is léir cá bhfuil bá cuid mhaith de mhuintir an bhaile seo ar an ábhar sin.

Fiú an lánúin nuaphósta ag teacht amach as halla na bhaile, is faoi mhaidí an chumainn a shiúlann siad.

Trasna an chaolais bhig, turas dhá nóiméad ar chostas 70 cent sa txalupa, an báidín farantóireachta, tá baile Pasai San Pedro suite.

Sin iad ár ndeargnaimhde i gcúrsaí rámhaíochta. Bhí bean ag cur síos dom ar dhathanna an chumainn sin, saghas corcra, ach níor thuig mé an leagan Spáinnise a bhí á úsáid aici. 'Ní feidir liom é a thaispeáint duit, óir níl sé le feiceáil ar an taobh seo. Dá mbeadh sé crochta in aon áit, stróicfí ina phíosaí láithreach é.' Chuirfeadh siad iomaíocht idirpharóiste Chumann Lúthchleas Gael in áit na leathphingine.