en fy eu mk sl ga

Diarmuid de Faoite

2017-06-20 16:39 — Bitola, Macedonia

Down but not out in Bitola

I am trying to learn assertiveness. Calm assertiveness might be a better way of putting it. Coming from a background of ‘it’s fine, you’re grand, no bother at all,’ its not easy to be able to consistently state your needs calmly, clearly and repeatedly. I can swing from submission to aggression, followed by shame and regret. I’m learning. Faced with Macedonian habits I am only just coming to know, without a map and grieving my loss of access to my daughter on Father’s Day, it has been a writing free, stressful sort of a few days. But hey, not all bad. Bottom line: I like Bitola and just got the best haircut of my life.

Níl saoi gan locht. N’fheadar an saoi mé ach tá fhios agam gur iomaí locht atá orm nó b’fhéidir go b’shin rud atá na hÉireannaigh go maith chuige: an náire. Tógadh mise ach go háirithe i gcultúr an náire. Ba cheart náire bheith ort muna ndearna tú rud éigin, ba cheart náire bheith ort mar go raibh tú ag eascainí, ba cheart náire bheith ort munar chuir tú fáilte ceart roimh chuairteoir. Airím go láidir é, luíonn sé go trom orm. Nach aisteach mar sin gur roghnaíos ceird náireach: an drámaíocht! Mé ag dul thart ag déanamh seó bóthair díom féin. Ó a dhiabhail ach airím ciontach ar maidin. Bíonn náire orm nach ndeachaigh mé ar Aifreann le fíor fada an lá, gur fhág mé mo chreideamh i mo dhiaidh, nach raibh mé ‘deas’ le daoine, nár dhúirt mé an rud ar cheart dom a rá ar an gcaoi cheart, gur amadán mé, go bhfuilim chomh maith ag briseadh caidrimh is atáim ag cruthú caidrimh, gur féidir liom bheith scriosach seachas cruthaitheach. Tá imní orm go rabhas scriosach seachas cruthaitheach, nó an é nach bhfuilim ach ag aireachtáil an ciontachas Caitliceach sin lenar tógadh mé? An raibh mé ag seasamh suas dom féin nó an raibh bealaí go leor eile chun an rud a bhí de dhíth orm a éileamh? Ar choimhlint chultúrtha a bhí ann? An bhfuilimíd millte sa chuid ó thuaidh den Eorap? N’fheadar.

Nuair a thosaíonn duine ag taisteal bíonn a theannas féin ag baint leis an tréimhse sin. Teannas eispeiris nua. Áit nua, rialacha nua, teanga nua. Is beag smacht atá agat ar chúrsaí. Ach caithfidh tú scaoileadh leat féín, dul leis. Teastaíonn cúnamh ag an tús, chun socrú síos, foghlaim conas tacsaí a fháil, foghlaim faoi phraghasanna, nósanna, aithne a chur ar an áit, ar dhaoine, ar chultúr. Gach rud difriúl. Bíonn ana chuid ag tarlú ag an tús. Bíonn tú ag foghlaim cuid mhór. Ana chuid eolais ag rith isteach trí do shúile, do chraiceann, trí do chéadfaí ag an am céanna. Nach shin an fáth go dtéann muid ag taisteal? Is ag an tús, más ea, a theastaíonn cabhair. Airím nach bhfuair mé an cúnamh sin agus chaill mé an bloc. Anois, tá bealaí i bhfad níos fearr chun do chearta a éileamh ach scaoileadh an corc as an mbuidéal seo.

Bhí fear a tí, mar a déarfá, ar saoire. B’fhearr liom go mór fada é bheith imithe ar saoire níos déanaí sa bhliain, nuair a bheinn socraithe isteach san áit. So, ní bheadh aon duine oifigiúl anseo chun fáilte a chur romham. Maith go leor, is fear mé, tá mé in ann seasamh ar mo chosa féin, ní inniú ná inné a thosaigh mé ag taisteal. ‘Cuir glaoch ar Georg nuair a shroicheann tú Skopje, 'spéainfidh sé an áit duit.’ Ach bhí Georg ag obair. Cén dochar, bhí obair le déanamh agam féin, blag le coinneáil. Tosaím ag scríobh. Buaileann sé liom tar éis na hoibre díreach in am chun siúl liom chomh fada leis an traen mé agus mé ag imeacht. Bhí comhrá deas againn. Chuidigh sé liom ticéad traen a fháil. “Ó féach a deirimse,” ag cúntar fear na dticéad,  “sin cárta aitheantais macléinn Éireannach”. Sea, bhí Peter Brady, macléinn Éireannach, ag féachaint orm óna chárta aitheantais a bhí in úsáid anois mar fhógra eicint i stáisiún traenach Skopje. Suas linn ar an árdán. “An mbeidh feaig agat?” “Beidh’” arsa mise, ag baint an sult as an saoirse anseo sa Mhacadón feaig a chaitheamh in áit ar bith, beagnach. Thug sé siar go dtí laethanta m’óige mé, go dtí an áit inar fhoghlaim mé le feaigs a chaitheamh: ag siúl sean iarnród na hInse le mo chairde scoile. Tháinig an traen. Bhí sé ráite sa treorleabhar gur ‘boneshaker’ ceart a bheadh sa traen, bhí an traen seo níos deise ná rud ar bith atá againn sa bhaile. “Cén deifir atá ort, caith do feaig,” arsa Georg. Seachas léimt ar an traen ar an bpointe, nós a d’fhoghlaim mé i Londain, bhí neart ama ag chuile dhuine chun a gcuid feaigs a chaitheamh i dtosach. Agus fós bhí an traen in am ag sroichint Bitola dó. Meas!

Arís os rud é go raibh an boss ar saoire, ba é Zoran, fear an lóistín a bhuailfeadh liom ag an stáisiún. Tuirseach faoin dtráth seo agus gan aon ghreim ceart ite agam an lá sin, ní raibh uaim ach bia agus luí siar. Bhailigh sé sa deireadh mé, réitíos go maith leis agus bhí an ‘árasán’ mar a bhí mé ag súil leis: ‘spartan’. Ach thaispeáin sé bialann breá dom le haghaidh béile agus d’ith mé mo sháith. Ag filleadh ar an árasán dom, tugaim faoi deara gur saghas ‘camp bed’ seachas ‘sofa bed’ atá sa leaba is nár glanadh an oighean le cuimhne na gcat. Luím siar ar an leaba crua gíoscánach agus tosaíonn an bialann béal dorais ar an gceol. Ana-cheol. Go maidin.

Tá an baile seo go hálainn. Cuireann sé baile iarchóilíneach Francach, Luang Prabang i Laos i gcuimhne dom. Nó sean bhaile Havana agus beagán airgid lena chois. Balcóin maisithe iarainn, tithe breátha ornáideacha ach go bhfuil go leor acu nach bhfuil ar an bpríomhshráid ag titim as a chéile go mall. Is mór an trua é. Ritheann sé liom dá gcaithfí leath den airgead atá á chaitheamh i Skopje ar dheilbh srl ag cur cuí ar thithe Bhitola gur seód de bhaile i measc sean bhailte uaisle na hEorpa a bheadh ann. Tá súil agam go dtiocfaidh an Comhphobail Eorpach i gcabhair orthu: tá an baile seo i bhad ró álainn le ligint i ndearmad. Ach seachain an gceapfá gur baile chodlatach é seo, is mó cosúil príomhshráid Bhitola le Sráid na Céibhe i nGaillimh i lár an tsamhraidh, ná áit ar bith eile atá feicithe agam san Eorap. Ní amháin sin ach go bhfuil sé deich nuaire níos faide ar fhad ná Sráid na Céibhe agus páirc fhada ansin ar a bhun.  Caitheann an saol is a mháthair an lá ag siúl suas is anuas Shirok Sokak (an tsráid leathan an chiall atá leis; sráid Marshall Tito a bhíodh air roimh thitim na hIúgslaive). Bíonn sé plódaithe de ló agus, go háirithe, is d’oíche, gach cathaoir sna bialanna agus sna pubanna ag breathnú i dtreo na sráide, chun go bhfeicfí thú agus chun go bhfeicfir a bhfuil amuigh! Cuma cén gioball a chaitheann tú sa bhaile, nuair a leagann duine cos taobh amuigh den doras anseo bíonn siad go péacach. Cuid de chultúr Oirthear an Mheánmhuir é seo nach réitíonn ró mhaith liom: shílfeá gur chum siad an focal selfie. Ar ndóigh, táim sa Róimh mar a déarfá, cuirim léine deas orm féin agus téim amach ag ól caifé is ag breathnú ar na péacóga. Agus spéaclóirí gréine orm, shílfeá go ndéanaim é seo chuile lá! Ach, ar ndóigh, fear tuaithe mé i ndáiríre, tosaím ag siúl agus coinním orm nó go sroichim an spéir. Faoiseamh.

 Barr an chnoic is giorra do bhaile Bhitola ag féachaint i dtreo páirc náisiúnta Phelister.

Táim gnóthach. Tá iarrtha orm  bheith mar chomh scríobhnóir ar scannán a bheidh bunaithe ar ‘Deoraíocht,’ le Pádraic Ó Conaire. ‘No better man,’ says you. ‘I couldn’t agree with you more,’ says I. Tuairimí agus imlínte le plé agus le scríobh roimh sprioc lá an iarratais, chomh maith le cúrsaí airgid agus conraithe. Coinníonn sé gnóthach mé. Tar éis dhá lá, tá mé an shásta go bhfuil an méid sin déanta agus, má breathnaítear go fábharach ar an iarratas, beidh mé ag scríobh scannáin as seo go dtí an Nollaig. Tugann Zoran amach ar lorg cárta SIM Macadónach mé, é ana chabhrach, agus tugaim an uimhir nua ansin do chara an bhoss, Zharko. Tá fonn ceiliúradh orm mar gheall ar an scannán. Buaileann Zharko liom an oíche sin ach tá sé féin ag obair is níor mhaith liom bheith ag cur isteach air. An fear bocht, iníon aige atá trí, iad scartha, ní fheiceann sé leath sách minic í, grá aige fós don mháthair. Mo scéal féin beagnach ach go bhfuil m’iníon féin i dtír eile, níl fiú a seoladh agam níos mó agus d’éirigh liom scaoileadh leis an ngrá dá máthair sa deireadh. Thóg sé roinnt mhaith ciceála, faraor. Ach tá ard ghiúmar orm an oíche seo agus mothaím go bhfuilim ábalta dea chomhairle a chur ar Zharko agus árdú croí agus meanma a thabhairt dó. Ar scáth a chéile atá muid.  Filleann sé ar an obair go sásta agus mothaímse ar mo chompórd ar an mbaile seo don gcéad uair, bhuel, cineál, fós tá leisce orm bheith ag brú Béarla ar dhaoine so coinním mo bhéal dúnta cuid mhaith den am….agus tá dó croí orm! Ag ithe ródhéanach san oíche seachas cúrsaí clainne. Fillim ar an árasán bídeach. Ag súil le hoíche chodlata. Ní thagann sé. An dtéann muintir an bhaile seo a chodladh ar chor ar bith?

An Aoine faoi seo agus tá fhios agam nach mbeidh ‘hope’ agam codladh anocht. Tá sé chomh maith dom dul amach. Caithim mo chloigeann isteach san áit a bhí do mo choinneáil ó chodladh na hoíche. Bhí mé cinnte dearfa gur club oíche a bhí ann ach ní hea, bialann, agus ceol go dtí na flaithis acu. Fonn boogieáil ormsa, amach liom ar an tsráid arís. Tagaim ar an áit seo ar chúl ceann de na seanfhoirgintí ornáideacha seanchaite. Scanrúil chun tosaigh, suíomh breá le haghaidh scannán uafáis, ach WOW!, tá beár den scoth taobh thiar agus DJ atá níos fearr fós. Ok, faigh deoch duit féin. Try and look cool, ainneoin gur tusa an taon duine atá istigh anseo asat féin is cosúil. Bog do ghuaillí roinnt. Get it into you. Caith feaig. Ó is féidir feaig a chaitheamh sa phub! Níos scaoilte anois. Bogaim roinnt eile. Ach cén fáth nach bhfuil duine ar bith ag rince? Deoch eile. Cor dhuine anseo is ansiúd ag bogadh ar mo nós féin ach nílid ag damhsa, nílid ag léimt agus tá an ceol ar fheabhas! Oh boy, Fat Boy Slim anois uaidh, right, sin é. Misneach a Dhiarmuid, misneach. “Ahm, do you speak English? Where’s the dance floor?” “There isn’t one”. “But, like, the DJ is brilliant, he’s amazing, will everyone start dancing later, so?” “Nobody dances in Bitola. You have to go to Eastern Macedonia.” Labhraim leis tuilleadh, tá sé lán dáiríre, críochnaím mo bheor agus bailím liom abhaile go dtí m’árasán lán ceoil atá ag teacht ón mbaile nach ndéanann rince. Tá olc ag teacht orm. “Too cool for school” an dream seo arsa mise liom féin.

Droch oíche chodlata eile agus caithfidh mé bogadh síos staighre ar maidin. Deirtear liom go bhfuil an tárasán seo níos deise agus beagán níos ciúine. Tá súil agam go bea. Bí réidh idir a 11 agus 12 a deirtear liom. Togha. Bím réidh. Cuirim scairt thart ar a 2 ansin. Ó buail síos i gceann 20 nóim. Déanaim sin. Síleann Zoran go bhfuil an áit i bhfad níos deise agus leaba i bhfad níos fearr ann. Is léir go bhfuil an sofa bed seo i bhfad chun cinn ar an áit eile. Ach leagfadh an boladh tú. Tá na ballaí buí ón toit agus boladh taise ar an aer. Tá braon aníos ar na ballaí, droch bholadh i gcúinne na cistine. Tugann sé siar go dtí ‘converted garage’ a bhí ar cíos ag deartháir liom i 1985. Níorbh nós liom cuairt a thabhairt air rómhinic is ní dhéanfadh sé féin ach codhladh san áit. Osclaím barr an oighin: tá sé lofa salach. Osclaím tarraiceán: scian amháin, pota amháin le haghaidh cócaireachta. Osclaím cófra, tá dhá luachradán salacha caite isteach leis na plátaí. Déanaim gearán. Faighim leithscéal. Déanaim gearán arís. Deireann sé go bhfuilim millte ag na hóstáin ar fad inar fhan mé ann, go bhfaca sé seo in eachtrannaigh cheana. Míním dó an difir idir glan agus salach, idir tirim agus tais, nach bhfuil aon bhaint aige le hóstáin ach le cúram. Deireann sé go nglanfaidh sé ach glaonn ar bhean a tí agus déanann sise an glanadh an fhad is a bhíonn seisean suite ar a thóin. Cuireann sé seo san aer ar fad mé ach ní dheirim faic, amach liom ina áit le haghaidh cupán caifé ach i ndáiríre táim ar mo bhealach suas go dtí an ollmhargadh chun roinnt air fresheners agus coinnle a cheannacht. Ar fhilleadh dom gabhaim buíochas leo as ucht an ghlanadh a dhéanamh. Lasaim coinneal ach ní ruaigeann sé an boladh, mar go bhfuil sé sna ballaí agus san éadach toilge. Breathnaím thart orm féin: an doras sé throigh ón leaba ag oscailt amach ar doctor’s surgery, an fhuinneog ag oscailt amach ar an ngárda a bhíonn seasta síoraí lasmuigh ag faire ar ambasáid na Gréige, an braon aníos, an chistineach, na huilne aisteacha san áit. Cuirim scéala ag mo cholceathrar atá pósta le Macadónach, le pictiúr. ‘Jaysus, a bit rough’, a scríobhann sé thar nais agus taithí aige ar lóistín anseo. ‘Cén chaoi a bhfuil Ronin?’ A mhac nua shaolaithe. ‘Thar cionn, ach fan go bhfeice mé an bhfuil mé in ann breith ar aon duine i mBitola a chabhródh leat áit eile a fháil.’ Téann duine i muinín na ndaoine go bhfuil muinín aige astu. Leagaim uaim an fón. Briseann an gol orm. Airím asam féin anseo is go gcaithfidh mé breith ar cholceathrar liom sa UAE chun teacht i gcabhair orm. Ach, i mo chroí istigh, tá fhios agam gur mhó de chumha i ndiaidh m’iníne atá orm ná rud ar bith eile. Inniu lá na nAthar agus níl aon fhreagra faighte agam óna máthair ar mo chuid achainní agus impí. Tá an scáileán skype dorchaithe. Tá mo chroí dorcha. Ní chabhraíonn an poll brocach ina bhfuilim. Tosaím ag scríobh ríomhphoist chuig an lucht ceannais. Stopaim. Codail, a Dhiarmuid. Ach tá an oíche seo fuar, an árasán i bhfad níos fuaire. Níl aon phluid breise san áit. Glaoim ar Zoran. No problem a deir sé. Tugtar pluid dhom.

Dúisím ar maidin agus airím plúchta. N’fheadar an orm féin atá sé. Amach liom le haghaidh aer úir. Agus anailís déanta agam ar chad is aer úr ann, fillim. Tógaim cinneadh: nílim chun fanacht anseo. Táim fós ar buille nach ngabhadh Zoran a leithscéal faoin gcuma a bhí ar an áit…faighim amach níos déanaí nach nós le Macadónaigh leithscéal a ghabháil go deo. Ach bíonn sé ró mhall faoin am go dtuigim sin agus an lasair sa bharach. Táim maslaithe anois, croí bhriste i ngeall ar chúrsaí clainne is caithfidh mé éalú as an mbosca seo bealach amháin nó bealach eile. Glacaim pictiúr ón leaba ar an gcistineach mar atá, agus scríobhaim ríomhphost géar ag cur síos ar an lóistín agus an fáilte a cuireadh romham. Iarraim buiséad lóistín agus téim ar a thóir. Tuigim go raibh sé de cheart agam labhairt leis an boss nuair a bhí fadhb agam an chéad lá ach níor shíl mé go raibh Béarla aige, bhí sé ar saoire agus tá sé rómhall anois, ní shásóidh aon ghlanadh anois mé. Ní bhacaim leis, ach dul thar a cheann. Tá fhios agam go mbeidh sé i dtrioblóid, go bhfuilim ag cur isteach ar a shaoire freisin ach ní stopfaidh tada anois mé. Cuirim téacs chuig a bhean go dtuigfidh sé céard a bheas roimhe ar maidin. Ait liom gur ise an pointe teagmhála. Caithfidh nach bhfuil Béarla aige. Tá an cat i measc na gcolúr. Ní ghabhann seisean a leithscéal ach an oiread is déanann iarracht rudaí a chosaint, rud a chuireann tuilleadh ola ar an tine. Arís , ní thuigim gur rud cultúrtha é seo is glacaim leis an- phearsanta ar fad. Cuireann sé m'iar pháirtí Iosraelach i gcuimhne dom, táim sa taobh seo den domhain ceart go leor. Amach ar thóir lóistín arís, siúlaim cuid mhaith den bhaile agus faighim áit bhreá, pálás le hais na háite a bhí agam ach níos saoire ná seomra beag in óstán. Is beag nach mbíonn taom croí aige nuair a thuigeann sé cén tairgead atá i gceist. Ach deirtear liom go bhfuilim faoin mbuiséad…hmmm.

Ach ní fhacamar a chéile fós. Aiféal orm gur ghortaíos é, go mbfhéidir go deimhin go bhfuilim tar éis a shlí beatha a chur i mbaol. Ach eisean a bhí i gceannas. Sin ráite ní airím gur cuireadh fáilte mar ba chóir romham agus is dócha gur rud láidir i gcultúr s'againne an méid sin. Róbhéim againn ar chad a cheapfadh daoine fúinn, sílim. Tá sé anseo acu freisin ach is i bhfoirm eile: an fhoirm phéacach sin a luaigh mé. Tá an sean agus an nua ag teacht salach ar a chéile anseo. Seanósanna pearsanta agus nuanósanna na háite seo.

Táim in árasán breá anois, pálás d’fhéadfá a rá, píosa amach ón mbaile, uaigneach i gcónaí, leisce orm bualadh leis fós, ach, ar a laghad ar bith, táim ag scríobh arís agus fuair mé oíche mhaith codlata aréir. Leaba ceart is gan de thorann le cur isteach orm ach chainsaw na gcomharsan. Ó bhuel, níl aon easpa adhmaid ar an mbaile seo. Ná luachradáin.

. Luachradán Macadónach: ceann beag! :)

Rud eile, d’oscail mé fuinneoga chun aer úr a scaoileadh isteach. Rith sé ansin liom. Creideann muintir na Macadóine go dtagann gach droch ghalar chucu ar leoithne gaoithe agus is nós leo bheith ag coinneáil fuinneoga dúnta dá bharr. Diabhail magadh, is gach éinne ag caitheamh! Is cosúil gur chreid an bheirt mhacléinn a bhí sa tseanárasán romham an méid sin. Sin nós eile nár thuigeas nó gur bhuail sé sna polláirí mé. Táim ag foghlaim agus cá bhfios nach scríobhfaidh mé féin agus Alek anseo scannán darb ainm ‘Alexander Mac Cumhaill’, an laoch Macadónach-Éireannach leithscéalach a thóg leath den domhain is a thug uaidh arís é, ag rá nach raibh i gceist aige ach píosa craic mar a déarfá. Thug sé chuile dhuine amach ar 'tear' mór leis ansin! Ormsa an ceann seo. Tarlóidh sé fós.

p.s. Tá an boss tagtha faoi dheireadh. Alek an tainm atá air. Buaileann muid le chéile ag beár sú. Smoothie an duine. Tuigeann sé. Glaonn a bhean air chun a mhíniú dhó go gcaithfidh sé leithscéal a ghabháil. Déanaim gáire. An chur amach aige ar pholaitíocht na hÉireann. Cur amach agamsa ar pholaitíocht an Mheáin Oirthir. An Mhacadón idir an dá áit. Ní hionann iad ach réitíonn muid. Ordaíonn muid smoothie eile. Meas.