en fy eu mk sl ga

Focail Eile

2016-12-09 11:00 —

Fataí na Filíochta – Réaltán Ní Leannáin agus Janneke Spoelstra


(Griangraf Janneke le cead LC/Niels Westra)

Le linn domh bheith i Ljouwert in earrach na bliana seo, bhí sé de phribhléid agus de phléisiúr agam castáil le Janneke Spoelstra
Is as baile beag darb ainm Hijum í Janneke Spoelstra, sa Fhreaslainn (an Isiltír). Rugadh ann í sa bhliain 1962. Cónaíonn sí anois in Alde Leie sa cheantar céanna. Rinne Janneke staidéar ar an Fhreaslainnis agus Béarla, agus tá comhlacht aistriúcháin aici. Oibríonn sí fosta sa Fryske Akademy. Is eagarthóir den iris liteartha Freaslainnise, Ensafh agus den nuachtán De Pet í chomh maith.

Tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aici agus cnuasach gearrscéalta. Tá sí i mbun oibre ar úrscéal faoi láthair.

Roghnaíodh a cnuasach gearrscéalta, In Jikse-libben, le cur ar taispeáint ag Frankfurter Buchmesse 2013, mar cheann de dheich leabhar Freaslainnise, eiseamláirí den chuid is fearr de litríocht na teanga sin sa lá atá inniu ann.

In Eanáir 2015thug Janneke Spoelstra cuairt ar Mhálta don tionscnamh 'Fataí na Filíochta'. Léigh sí roinnt dá cuid dánta lees ik in rjappel yn ’e grûn agus altyd alve Valletta, Málta.

https://twitter.com/skripperje

Seo thíos leaganacha Gaeilge den dá dhán sin, agus thíos futhu na bunleaganacha Freaslainnise.

aondéag go deo

 

(I)

 

háigh-á-á-á

 

ligim goldar

leis na tithe

bhfuil aonduine ann?

 

i gcónaí, bíonn

freagra

 

ó Shlí Oerd

nó ó Lána Popke,

Sráid na Scoile

nó an Bóthar Beag

 

cumaimid scéimeanna cliste

le gabháil i bhfolach

an lá deiridh den

scoil

 

snámhaimid thar an talamh, i ndiaidh

teachtaireachtaí a dhéanamh

don mhúinteoir

taobh thiar de bhoth na rothar,

tig sé orainn

 

le glór séimh

labhraíonn sé linn

le guth

a bheireann greim cába orainn,

 

an té nach gcuireann san earrach ní

bhaineann sé san fhómhar

a deir sé liom,

liomsa

 

inár seasamh ar thaobh an bhealaigh mhóir

—pleidhcí—

caithimid buidéal plaisteach folamh

isteach

i lár an an aonaigh

 

 

plab

nuair a thiomáineann carr

thairis

 

ar crith

 

sáimid tairne i

i bhfráma fuinneoige, ag

tarraingt ar shreang, tig cnag

ar an ghloine

beirtear orainn

a scuabaidí!

 

muide, ár múin á scaoileadh le

heagla

agus gan anáil

i mboth na rothar

 

 

 

 

 

(II)

 

shuigh mé ar a nglúin 

 

tá Daideo agam

nach gcreideann

gur landáil daoine

ar an ghealach

 

a mhúchann an teilí

nuair a thagann na fir i gcochaill bhána

ón Ku Klux Klan

ar an scáileán,

Daideo a deir:

sin an cailín cliste

 

nuair a thaispeánaim

mo thuairisc scoile dó, Mamó a

dhoirteann amach‘deoch bainne' dom,

a éisteann le stáisiún bradach raidió

le luí na gréine

 

tá mé aondéag,

sa bhaile fearainn atá

siar an bóthar tá aithne ag

achan duine ar an Daideo eile

a mbíodh na scéalta aige,

an Mhamó a

bhí tinn le fada

 

shuigh mé ar a nglúin,

ach níl aon phictiúr dóibh agam

i m'intinn

 

 

 

 

(III)

 

mise a choinníonn gach rud le chéile

 

tá deartháir is deirfiúr agam,

d'fhéadfaidís beirt araon

mé a mharú le gunna nuair atá cead agamsa

breathnú ar Merijntje Gijzen, agus níl siad in ann

 

breathnú ar TopPop, nuair a imíonn siad i

mbun a ngnó féin agus tá

eagla orm fanacht ar m'aonar

 

ach ina dhiaidh sin, is deartháir óg mé

do mo dheartháir,

imrím sacar leis,

an gheata ina chuaille,

is deirfiúr óg mé

do mo dheirfiúr

 

sa seomra leapa atá ag an bheirt

againn lena póstaeir popcheoil

agus na bábóga a mbíodh

muid ag súgradh leo

 

mise a choinníonn gach rud le chéile

 

 

 

 

 

 

(IV) 

 

cad atá i ndán di siúd?

 

díríonn Ruurd Groenje a mhéar

orm agus deir sé:

 

cad atá i ndán si siúd,

a mhinistir? tchí sé

colpa suarach roimhe,

mar a chonaic na buachaillí a

 

shíl gur bhuachaillí muid

i Stiens, lá

nuair a bhí muid beag

 

feirmeoir déanta

thú, a deir Deaid agus

 

deir an traenálaí, d'fhéadfá imirt don

phríomhfhoireann, agus ábhar

scoláire atá ionat,

a deir an múinteoir creidimh

aithníonn siad uilig na ciaróga

iontu féin

 

 

 

 

(V)

   

comharsana

 

tá mé aondéag, tá athair agam

cuidím leis, tá máthair agam

cuidím léi, tá bitseach againn

déanaim í a choimead

ar an tsráid nuair atá sí faoi adhall

 

seachas é sin ligimid cead a cinn léi

nach cuma má alpann sí siar

bia an chait, tigh na gcomharsan

 

tá buachaill síos an bóthar

ar lena athair é

cailín

ar lena máthair í

 

tá babaí ann

ar leis an athair sin

agus an mháthair siúd í

tá buachaill eile ann

síos an bóthar

a d'fhéach le é féin a chrochadh

ach tháinig a mháthair air

 

díreach in am

 

 

 

 

(VI)

 

bhfuil aonduine ann?

 

a thabharfas freagra dom

 

bhí daoine ann

a bhí aon bhliain déag

a chuaigh chun an choláiste

a d'imir don phríomhfhoireann

 

bhí daoine ann

a chuaigh i bhfolach

a shnámh

a bhí ar crith

 

a rinne a múin

le heagla

 

agus - b'fhéidir,

díreach in am -

thángthas

uirthi

nó air

 

 

 

 

(VII)

 

tá daoine ann

 

 

ag obair ar an fheirm

amuigh ag siúl leis an bhitseach

agus comharsana

tá daoine eile ann, ag seanmóireacht

 

a chónaíonn sa bhaile fearainn

taobh leat

agus tá aithne acu ar na daidithe,

na mamaithe,

na daideoanna agus na mamóanna

 

ní fheiceann gach duine

a gcuid páistí, ag baint aondéag amach

ná a ngarpháistí fiú -

má bhí siad ariamh

ar a nglúin

ar chor ar bith

 

tá pictiúirí dóíbh siúd agam

i m'intinn

 

níl mé aondéag a thuilleadh

 

ach,

más mian liom

 

háigh-á-á-á

 

 

 

 

 

altyd alve

 

 

(I)

 

aa-û-á

 

smyt ik it doarp

foar de fuotten

‘is der wa?’

 

en fan it Oerd

of Popkereed,

Skoalstrjitte of

Lege Hearrewei,

 

altyd komt der

wol in antwurd

 

betinke wy snoade

plannen om ûnder te

dûken op ’e lêste dei

fan it skoalreiske

 

krûpe wy, nei it

boadskiprinnen

foar master, achter

it fytsehok, fynt er

 

hoe myld is de hân

dy’t ús nei binnen

praat, it lûd dat ús

bij de lurven liedt,

 

‘hoe wylder de spultsjes

hoe sloarderiger it

skriuwen,’ seit er

krekt tsjin mij

 

smite wy út ’e berm

– nuvere kluchten –

lege plestik flessen

op ’e grutte dyk

 

de roffel as der in

auto oer hinne riidt

wij rydboskje

 

stekke in spjeld yn

in kezyn, lûke oan in tou

tikket it op ’t rút,

pakt immen ús

‘ferfelende klieren’

 

binne wy, pisje fan

benaudens en hymje út

yn it bushokje

 

 

 

 

 

 

(II)

 

se ha my op ’e skurte hân

 

ik haw in pake

dy’t net leaut

dat se op ’e

moanne west ha

 

dy’t de televyzje

útset as der mannen

mei in wite kape

fan ’e Ku clux clan

op binne, in pake dy’t

seit: ‘dêr sit in kopke op’

 

as ik him myn rapport

sjen lit, in beppe dy’t

my in ‘koppy melk’ ynjit,

nei Veronica lústert yn

skimeroere

 

ik bin alve en yn it

buordoarp ken elk

dy oare pake dy’t fol

ferhaaltsjes siet,

de beppe dy’t

salang siik wie

 

se ha my op ’e skurte

hân, mar ik kin my

harren net foarstelle

 

 

 

 

(III)

 

ik hâld de boel bijelkoar

 

ik ha in broer en in suster,

se kinne my beide

wol sjitte as ik Merijntje

Gijssen sjen mei en sij

 

TopPop dus net, as sij

te trenen wolle en ik net

allinne thúsbliuwe doar

 

mar oars, ik bin in

broerke foar myn broer

fuotbalje mei him,

de hikke is de goal,

in suske foar myn suster

 

it keammerke dat wy

dele mei har pop-posters

en de poppen dêr’t wy

tegearre mei boarten

 

ik hâld de boel bijelkoar

 

 

 

 

 

 

(IV)

 

wat moat dy wurde?’

 

grutte Ruurd Groenje

wiist nei mij en freget:

 

‘wat moat dy wurde,

dûmny?’ sjocht in

skriel jonkje yn my,

lykas dy jonges ús

 

foar jonges oanseagen

yn ’e buorren fan Stiens

wat groeiden wy

 

‘der hie oars wol in boer

yn stutsen’, seit heit en ’e

 

trener seit, ‘it wurdt wol

ien foar it earste’, en ‘grìf

ien foar de Mavo,’ seit

de godstsjinstjuf

dat wolle se wol leauwe

 

 

 

 

(V)

 

buorlju

 

ik bin alve, ik ha in heit

dy’t ik help, ik ha in mem

dy’t ik help, we ha in hûn

dy’t ik útlit as er loops is

 

oars litte wy him rinne

ek al fret er de kattepanne

bij de buorlju leech

 

ik ha in buorjonge dy’t

ien fan syn heit is

in buorfamke dy’t

ien fan har mem is

 

der is in poppe dêr

dy’t fan sỳn heit en

hàr mem tegearre is

ik ha in buorjonge dy’t

him ophingje wollen hie

mar syn mem fûn him

 

krekt op ’e tiid

 

 

 

(VI)

 

is der wa?

 

wa anderet mij

 

der wie immen

dy’t alve wie

nei de Mavo gie

yn it earste spile

 

der wie immen

dy’t ûnderdûkte

dy’t fuortkroep

dy’t rydboske

 

dy’t pisse

fan benaudens

 

en – miskien wol

krekt op ’e tiid –

fûn

waard

 

 

 

 

(VII)

 

immen

 

buorket

hat in hûn

en buorlju

immen preket

 

wennet yn in buordoarp

en ken de heiten, memmen,

pakes en beppen

 

net elk sjocht

syn bern, lit stean

syn bernsbern –

as men har al

op ’e skurte hân hat –

alve wurden

 

ik kin my harren

wol foarstelle

 

ik bin gjin alve mear

 

 

alhoewol

as ik wol

 

aa-û-á

 

 

(le Janneke Spoelstra; Aistriúchán: Réaltán Ní Leannáin)


Sceallán


 

I


 

Dreapaim thar na dabaí créafóige leis féin,

an deartháir,

Ní dósan saol na feirmeoireachta, eisean

a bhfuil ainm gach éan beo

ar eolas aige,

ag geabaireacht leis,

ag giorrú bóthair is tráthnóna araon

thig leatsa rud ínteacht a rá chomh maith,

a deir sé


 

cuireann athair teilgean ar na línte

cúramach leis na súilíní

a deir uncail, cliathbhoscaí á n-iompar aige

smuga ag luasacadh óna ghaosán

glúine oráiste rubair ar a bhríste oibre

ag cromadh thar an chré dhubh

go fonnmhar


 

tig Daideo aníos an garraí

ag cromadh ar a bhata

brúnn sé piolla faoina theanga

a chársánacht ag imeacht leis an ghaoth thirim,


 

II


 

maidin Domhnaigh, ag rothaíocht l'athair

tá siad á gcur sna línte cheana

na Bintje S,

togha an stoic, a deir sé,

tosóidh sé á scrúdú amárach,

fuair sé an cleas sin ó Biense Dankert, is

Agranamaí é a mhac

rolladh duille, muna ndéanann tú ach spléachadh a chaitheamh

ar scairdeitleán míleata

agus ansin

anuas arís

ar an duilliúr,

dheamhan faic a fheicfeas tú


 

agus tchím iad i m'intinn, na bláthanna a bheas orthu,

roinnt acu bán agus roinnt eile, corcra,

tiocfaidh Sietse Jansma ó Stiens

fear buí ina shuí ar tharracóir buí

lena sprae, agus beidh siad marbh


 

III


 

Tá na fóid ar imeall an gharraí tiontaithe ag athair

réidh don chapall

tig aintí agus na col ceathracha

agus muide, athair chun tosaigh leis an lastóir

carnann uncail na cliathbhoscaí ar mhullach a chéile

caitheann burlap tharstu chun iad a cheilt ó sholas na gréine


 

tig máthair thar an damba

tae léi do na daoine móra

rivella dúinne,

suímid, ár ndroim

le sconsa, le cuaille


 

cuirtear na cliathbhoscaí in airde

ar an charr, ligeann siad an srian liom

deirim: hup, hup, a chapaill

glacann sé céim amháin

Ó, dá mbeinn i mo bhuachaill


 

IV


 

tá brabús againn, i mbliana,

níos mó ná Jan Jensma, fiú -

fear na n-ácraí,

a dhíolann iad uilig leis na siopaí móra -

airgead againne anois le díon nua a chur ar an stóras


 

 

 

 

lees ik in rjappel yn ’e grûn

 

I

 

krûp ik neist broer op kluten,

hij wol gjin boer wurde, hij

ken alle fûgels

fertelt mopkes, dy’t it lân

en de middei koarter meitsje

sees do ek es wat, seit er

 

is heit oan ’t opstriken

tink om spruten,

seit omke, dy’t sjout mei bakken

hinget in noasdrip

fleurich stiet it oranje

fan it rubber foar de knibbels

fan ’e krûpersbroek

 

komt pake de foareker del

linet er op stôk

docht er in piltsje ûnder de tonge

in skrale wyn, himet er

 

 

 

II

 

bin ik mei heit te fytsen

sneintemoarn, ha se it lân al yn

de Bintsje S’en, stamseleksje,

seit er, moarn begjint er

te suverjen, Bjinse Dankert

hat er it fan leard, dy syn soan is

lânboukundich yngenieur

blêdrol, firus, ast even nei in oerkommende

straaljager sjochst en dan wer

nei de loffen, sjochst der gjin bliksem fan

 

en ik wit, se sille bloeie, guon wyt en guon pears

en dan komt Sytse Jansma út Stiens

gele man op gele trekker

om se dea te sproeien

 

 

 

III

 

hat heit foardold

komme tante en de nichten

en wij, heit mei de lichter foar ús út

omke set bakken opinoar

baalsek deroer dat se net beskine

 

komt mem troch de daam

mei tee foar de grutten

rivella foar ús, sitte wy mei rêch

tsjin hikke en peal

 

wurdt it tiid om de bakken

op ’e wein, mei ik de leie

sees ik: fuort kêde bok

stapt it hynder

o, as ik in jonge west hie

 

 

 

IV

 

barre wy, dy iene kear,

mear as Jan Jensma

dy’t op kontrakt leveret

mei al syn hektares

kin der in nij dak op it skuorke

 

( le Janneke Spoelstra; Aistriúchán: Réaltán Ní Leannáin)

  • 2016-12-28 Idoia Noble

    Thanks so much, Réaltán, for this 'post residence' contribution to the project. All the very best.