en fy eu mk sl ga

Colm Ó Ceallacháin

2017-11-14 15:55 — Donostia

Féith na Teanga

Bhí seó grinn ag Barry, Corcaíoch atá ina chónaí anseo leis na mblianta, ag an deireadh seachtaine. Go hiomlán i mBascais a bhí sé, seachas corr-eascaine Bhéarla a chaith sé le fear amháin sa lucht féachana a bhí ag spochadh as. Bhain gach éinne eile, mé féin san áireamh, an-thaitneamh as. Ina dhiaidh, i dtaberna in aice láimhe, bhuaileamar le Martín Garitano. Bhí an fear bocht ag súil le deoch chiúin a ól ar lá a phátrúin, Lá Fhéile Mháirtín, ach ghlac sé go fonnmhar leis an ionramh seo. Iar-mhéara ar chúige Gipuzkoa é, cúige atá leath chomh mór le Cúige Mumhan agus breis agus leath a dhaonra siúd aige. Fear groí é Martín, agus chas sé cúpla port Bascach roimh dheireadh na hoíche dúinn ar chairdín Bharry.

Nuair nár ghnóthaigh mé féin (ná an Cadhnach) dada ag duaisbhronnadh an Oireachtais i mbliana, bheartaigh mé triail a bhaint as a mhacasamhail i dTír na mBascach. Siar go Bilbao liom mar sin, mar a raibh an duaisbhronnadh ar siúl i mbliana. 

Is féidir abhainn an Nerbioi a thrasnú ar chostas 40 cent sa charr seo a bhíonn ar crochadh ar dhroichead cruaiche Vizcaya, éacht innealtóireachta, ach fós is fearr liom mo txalupa beag féin i bPasaia. 

 

Meall mór cruaiche eile i mBilbao.

Tá na Euskadi Literatura Sariak ar an bhfód le bliain is fiche anois, iad urraithe ag rialtas réigiúnach Thír na mBascach, agus an t-úrscéalaí iomráiteach Bernardo Atxaga áirithe i measc na nduaiseoirí go dtí seo. 

 

Moladh d'Oireachtas na Gaeilge - tionlacan cello fad is atá na dréachtaí á léamh, agus an téacs féin ar scáileán sa chúlra.

Dáiltear leath na nduaiseanna ar shaothair Spáinnise ó údair Bhascacha, agus is saothair fhoilsithe amháin a bhíonn san iomaíocht. Tá miondifríochtaí eile eatarthu, óir níl comórtas ar bith do scríbhneoirí óga anseo, ach dála an Oireachtais is ócáid cheiliúrtha í a thugann ómós do scríbhneoirí go príomha, agus d'fhoilsitheoirí chomh maith céanna. Mar a tharlaíonn le litríocht na Gaeilge ní bhíonn díolachán mór ach ar na saothair is rathúla, ach tá éacht déanta ag scríbhneoirí na teanga seo a bhuíochas le comórtais dá leithéid seo, is iad ag cur ábhar léitheoireachta ar fáil san áit go raibh ganntanas ann leis na céadta bliain. 'An chéad dhuilleog, is ar éigin gur féidir na focail a dhéanamh amach in aon chor,' a scríobhann Atxaga ach, más ceadmhach dom meafar a bhaint as a chuid línte, 'tá na duilleoga eile caomhnaithe go maith.'

Suntasach go leor, príomhbhuaiteoir litríochta na Bascaise i mbliana, Asier Serrano Lasa, is do chnuasach filíochta a ghnóthaigh sé a dhuais. 

 Na duaiseoirí.