en fy eu mk sl ga

Diarmuid de Faoite

2017-07-24 23:20 — Bitola, Macedonia

FOIGHID ORT A DHUINE, PATIENCE A MHAC, PATIENCE

FOIGHID ORT A DHUINE. 

Tá mé a cheapadh go bhfuilim chun mé féin a chaitheamh den traen seo muna stopann an ceol. Mí Iúil agus tá ‘Hark The Herald Angels Sing’ á sheinm sa charráiste. Muna raibh sé sin sách dona tá doras cábán an tiománaí oscailte agus tá an popcheol Seirbeach is measa dár chuala duine riamh ag teacht as an gcábán, an tiománaí traein ag coinneáil rithime leis an gceol ar an deais agus ag feadaíl ag an am céanna. Tá chuile raon ar ‘Frank Sinatra sings Christmas songs’ cloiste faoin dtráth seo agam agus tá an sean bhastard tosaithe arís, Sinatra atá i gceist agam, le tionlacan rogha an tiománaí. Bíonn uaireanta anseo sa Mhacadóin go mbeadh fonn ar dhuine an plugóid a tharraingt sa phríomh stáisiún ginte cumhachta agus deireadh a chur leis an gceol: ceol sna bialanna, ar an traen,sa phub, sa tsiopa, sa bhácús agus ar an mbus. Thóg mé an bus inné ach traen inniu, ag súil go mbeadh sé níos ciúine. Ní raibh. Tá an chailleach sin, an Galway Girl, anseo acu freisin; ní féidir fáigh réidh léi. Agus, ar ndóigh, tá an sacar á mo leanacht i gcónaí. Irska? Roy Keane. Jackie Charlton. George Best. É seo ó leaid tríocha bliain d’aois ar an mbus. Tá fios a cheirde aige. Deirim leis gur cheart dó bheith ina thráchtaire sacair ar an raidio. ‘D’iarr siad orm’ a deir sé, ach athraíonn sé an comhrá go tapaidh ina dhiaidh, ag tairiscint péitseanna dúinn, ainneoin go bhfaca sé muid ag ceannach cíló iomlán péitseanna agus caora fíona cupla nóiméad roimhe sin. ‘Ith iad seo i dtosach, ‘ a deir sé. D’íosfainn ach go bhfuil siad chomh crua le cloch. Ithim ceann mar gur duine an bhéasach mé agus caithim an chuid eile den turas beagán imníoch go mbuailfidh buinneach mé sula mbainfidh muid Skopje amach. Molann sé dom gur cheart dom fanacht anseo go dtí an 8ú Lúnasa mar go mbeidh Réal Madrid ag imirt in aghaidh Man United i Skopje. Molaimse dó fhéin gur cheart dó a árasán a chur amach ar cíos. Déanfaidh sé a chuid saibhris. Ní bheidh mise ag fanacht thar an sprioc lá, áfach: is leor ocht seachtaine dhom agus muna stopann an ceolán de thiománaí gach seans go léimfidh mé ar eitleán anocht. Stopann an tiománaí ag an siopa beag seo. Fear mór millteach atá ann, cuireann sé Máirtín Mór, tiománaí bus Chois Fharraige i gcuimhne dhom. Amach linn. Uachtar reoite! Deoch ag an tiománaí. Feaig leis an saineolaí sacair. Fiafraíonn an tiománaí díom cad a cheapaim den Mhacadóin. Ainneoin, ag an nóiméad sin, go bhfuil mo dhóthain agam den áit, deirim leis gur iontach an áit í. “Tá sé ina chac” a fhreagraíonn sé fhéin. Is léir nár fhreastal sé ar ranganna an bhoird turasóireachta. Dhá phictiúr dá easpag ceartchreidmheach ar an deais aige, chomh maith le híocón (cé a chumann na focail seo?) cráifeach greannta isteach sa deais freisin aige. Ar eagla na heagla. Ní baol dúinn gan Skopje a bhaint amach. ‘Isteach libh ar an mbus,’ a deir sé ach athraíonn sé a intinn ansin nuair a thuigeann sé nach bhfuil an feaig caite fós againn, ‘níl aon deifir’.

André agus Zviko sa Bhasár, Bábóga Bheo

Shílfeá go bhfuil an Mhacadóinis ar mo thoil anois agam. Níl, dó dhéag focail seachas ocht gcinn anois agam ach teangeolaí le mo thaobh. Tá mé fhéin agus scríbhneoir óg ó Fhreaslainn na hÍseal Tire, André Looijenga, ar ár mbealach go Skopje chun bualadh le cara leis, Z(h)ivko Grosdanoski, scríbhneoir agus aistritiheoir Macadónach. Don chéad uair ó tháinig mé go dtí an Mhacadóin táim i mbun comhrá domhan faoi chúrsaí scríobhnóireachta, cruthaitheachta agus cúrsaí aistriúcháin. Léimeann muid ón mBéarla go dtí beagán Macadóinis agus ansin arís go dtí an Fhraincís, lucht teanga agus scéalaíochta muid. Caitheann muid cupla lá ag spraoi le fréamhacha focail (chomh tábhachtach le stair ar bith ó thaobh leideanna cultúrtha dhe), fíon, filíocht, polaitíocht agus scéalaíocht. Diabhail mórán codhladh a fháigheann muid toisc muid ar fad sa leaba céanna beagnach: seod í an Mhacadóin, is beag spás atá i gcuid de na hárasáin gan trácht ar throscán. Ach tá comhluadar agam agus comhluadar a labhrann an teanga cruthaitheach, smaointeach céanna liom, rud a bhíos ag sanntú ó tháinig mé. Téann muid ar sciúirdeanna focail agus polaitíochta, labhrann muid faoi shícé na ndaoine agus castar scríobhnóirí óga eile orainn, tagann siad agus imíonn siad agus Zhivko ag tabhairt aire na huibhe dúinn ó thús deireadh. Tá fhios ag an bhFreaslannach, André, céard tá uaidh is faigheann sé a chuid. Táim buíoch dó mar is ionainn an chuid sin agus díospóireachtaí, idir trom agus éadrom, a thugann isteach deireannach san oíche muid agus suas ansin an lá dar gcionn chomh fada le baile tradisiúnta Macadónach atá nua thógtha ar shleasa an tsléibhe, ag breathnú anuas ar Skopje.

 Bun Raite na Macadóine

Fáilte go dtí Bun Raite agus Muc Ros na Macadóine. Ach an oiread leis an dá áit sin, tá sé déanta go maith acu, seantithe as ceantracha éagsúla na tíre nua thógtha anseo acu, taobh le taobh, stíleanna éagsúla ailtireachta agus ceardaíochta á léiriú, seódóirí i mbun a gceirde agus an béile is fearr le sé seachtaine anuas. Beagán níos daoire freisin ach níor mhaith liom athrú isteach i mo khebab; bhí an baol sin ann.

Síos an chnoic linn isteach go seanbhaile Skopje, sean cheantar na dTurcach agus an bhasáir. Ionadh orm go bhfeicim siopa ag díol t-léinte Albánacha agus bratacha Albánacha lasmuigh. Is léir daoine a bheith dílis don dtreabh arb as iad seachas an tír ina chónaíonn siad. Tagann muid ar bhácús atá ag díol ‘Baklava Angela Merkel Turcach’. Ní bhlaisim di.

  Mmmm, blasta.

Ceannaím bábóg beag do m’iníon ó fhear atá amuigh ar an tsráid. ‘Roghnaigh sé an ceann is fearr’ arsa fear na mbábóg agus é ceannaithe agam. ‘Tuige?’ a iarrann Zhivko air? ‘Toisc gurb é an ceann leis an scairf glas a roghnaigh sé.’ Ní mó ná sásta atá Zhivko. Sílim i dtosach go naithníonn an fear gur Éireannach mé ach ní shin é in aon chor, is é an glas Muslamach atá i gceist aige. ‘Powder keg’ atá san áit seo a deir Zhivko. Coinníonn muid orainn. Castar scríobhnóirí óga eile orainn, duine acu ag obair i gCatar (Qatar). Insíonn sí dúinn faoin gcraic iontach sna clubanna oíche ansin. Ní mar a síltear a bítear. Ar ndóigh tá tíortha Arabacha go leor in adharca le Catar na laethanta seo. Meas tú nach mbaineann cuid de leis an liobarálachas seo atá ag teacht isteach san áit seachas leis an dtacaíocht a bhí á thabhairt ag roinnt Catairigh saibhre do Daesh? Insíonn sí scéal an Chatair nua seo dúinn. Thiar i 2013, bhí an sean Emir agus na boic mhóra eile sa chlann ag tabhairt cuairte ar na Sádaigh béal dorais. Chuadar ann in aon eitleán amháin. D’fhág sé a mhac ‘liobarálach’ i gceannas na tíre don deireadh seachtaine, sé sin, bhí ceannasaíocht dleathúil aige. Ag filliúint ón Araib Shádach, áfach, níor aithníodh an eitleán sa spéir, mar ó dhia, is, dá bhrí sin, níor tugadh cead don eitleán turlaingt. D’fhill siad ar an Araib Shádach agus is ann dóibh ó shoin. Chaithfeá meas a bheith agat ar choup chomh simplí, cliste, neamhfhuilteach sin.

Mar sos beag ón bpolaitíocht agus de bhrí go bhfuil na scríobhnóirí seo chomh dathúil sin iarraim ar Zhivko, ‘conas go ndéanann fir mná a mhealladh anseo?’ Ar ndóigh, suim cultúrtha seachas praiticiúl atá á léiriú anseo agam. ‘Go han mhall,’ arsa Zhivko. Tugann sé sampla dom. Dhá bhliain á mealladh, ag caint lena cairde, a clann, agus nuair a chuir sé ceist uirthi sa deireadh, shéan sí go raibh tada ann. Ní raibh. Ba leisbiach í. Bíonn scéalta Zhivko fadálach ach is fearr go mór a oibríonn a chuid ‘punchlines’ dá bharr. Níos fearr fós gur fíor scéal atá ann. Míním dó go mba leisbiach í an chéad bhean go raibh gnéas agam léi agus gur chuir iar pháirtí i mo leith go gcaithfidh sé gur ‘iompaigh’ mé í toisc mo dhroch iompar! Tá doras eile oscailte sa chomhrá anois againn agus caitheann muid uair a chloig eile ag plé cúrsaí gnéis agus inscne anseo sa Mhacadóin. Tuigim anois cén fáth nár chas an múinteoir ióga sin liom le haghaidh caifé ach níl agam ach coicís seachas dhá bhlian. Níor mhór do dhuine bheith foighneach anseo. Níl sé éasca seasamh amach i mbealach ar bith anseo, idir ghnéas, inscne ná bealach ar bith eile. ‘Tá sibh beagnach chomh dona liom féin’ arsa mise, ag cuimhniú ar an bpróiséas dhá bhlian a chaith mé féin sa chuid pleanála den gcaidreamh lem’iar-pháirtí. B’fhéidir go raibh sé de cheart agam níos mó ama fós a thabhairt dó, nuair a chuimhním anois air.

  Babóga Pholaitiúla

Ach, creid é nó ná creid, éiríonn scríbhneoirí go fiú tuirseach de bheith ag plé cúrsaí caidrimh agus ní fada uainn filleadh ar an bpolaitíocht an athuair, de bharr tagairt a dhéanaim do na prátaí ar an bpláta os mo chomhair. Togha fataí anseo, dála an scéil.

Rinne fear iarracht monarcha sceallóg a thógáil anseo, arsa Zhivko. Tháinig sé abhaile le slám airgid ón Astráil, rinne sé a chuid taighde, chonaic sé an margadh agus bhí an ceart aige: bhí an monarcha ag déanamh go maith, chomh maith sin gur theastaigh breis cumhachta uaithi. Ag fíorthús na scéime, bhí an rialtas breá sásta an chéad fhód a árdú ar an suíomh, an ribín a ghearradh, labhairt faoi chúrsaí fostaíochta agus bhí an comhlucht leictreachais ríméideach iad féin go raibh custaiméar acu a bhí cíocrach chun cumhachta a cheannach. Agus b’shin sin. Ní hé go raibh an oiread sin cumhachta ón monarcha go slogfadh sé cumhacht na tíre ná tada ach chaithfí rud éigin as an ngnáth a dhéanamh chun go dtarlódh sé. Agus sin é an rud nach dtarlaíonn anseo, arsa Zhivko, ní tharlaíonn aon rud as an ngnáth. Ní raibh líne ardchumhachta ann cheana sa réigiún sin, conas faoin spéir go mbeadh anois nuair nach raibh duine ná deoraí sasta freagracht a ghlacadh? An dualgas a thógaint orthu féin? Chaith an fear bocht dhá bhlain eile a dhul ó oifig go hoifig, ó rannóg go rannóg, ag íoc duine anseo, ag gríosadh duine ansiúd, nó gur phacáil sé a chuid málaí agus d’fhill ar an Astráil. Labhraím leis faoin IDA in Éirinn. ‘Sea, is mar sin ar cheart dó a bheith, ach ní mar sin atá. Sé an chaoi a bhfuil sé ná nach nglacfaidh daoine freagracht ná cúram orthu féin ag an leibhéal institiúdach, nach ngabhfaidh siad sa tseans, nach seasfaidh siad amach, ar eagla na heagla.’ Rud amháin é do mhuinín a chur i nDia is dócha, rud eile ar fad é an mhuinín sin a chur ionat féin agus freagracht dá réir. Feictear dom go bhfuil an galar iarchóilíneach chéanna orthu is atá orainne ach go dtagann sé amach ar bhealaí difriúla. Baineadh an chumhacht phearsanta sin uathu cúig chéad bliain ó shin le teacht na nOtamán. Fágadh na cinnithe faoin dream i gceannas is fágadh muintir na Macadóine le heaspa féin mhuinín, easpa aibíochta chun fadhbanna a phlé agus a réiteach. Baineadh an ceann den duine a nochtaigh a mhuineál. ‘Níl mé chun mo cheann a chur i mála’ an frása atá anseo acu, nílim chun dul sa tseans. Féach muide, Éireannaigh, nuair a fuair muid deis fás aníos de bheagán leis an bhforbairt eacnamaíochta, freagracht a ghlacadh, dul i ngleic don gcéad uair le mórfhadhbanna síceolaíochta na tíre, céard a tharla? Chuaigh na daoine i gceannas (rialtas, lucht airgeadais, aindiúlaithe de chuile chineál) ar an ‘tear’, dhúisigh siad ansin roinnt blianta ina dhiaidh agus póit millteach orthu, na páistí ag caoineadh sa chúinne le hocras is gan faic sa chófra dóibh. Cuireadh an tíogar le hiasacht airgid, cuireadh na páistí suas ina gcúlbhannaí. Sea, bíonn uaireanta ann go mbeadh fonn ort an plugóid a tharraingt, ceart go leor.