en fy eu mk sl ga

Diarmuid de Faoite

2017-07-29 10:06 — Bitola, Macedonia

Lá Dár Saol / Such A Perfect Day

LÁ DÁR SAOL / SUCH A PERFECT DAY

Tá rogha agam, fanacht anseo asam féin, díriú isteach ar an scríbhneoireacht nó dul leis an gcomhluadar agus lá a chaitheamh sna sléibhte. Déanaim margadh leis an aindiúlaí oibre atá ionam féin agus leis an gcuairteoir atá agam: má thugann sé lá dom chun an deic a ghlanadh d’fhéadfaimís dul go Páirc Náisiúnta Pellister in éindí. Tá an margadh déanta, ar an gcoinníol go mbeidh sé ar ais in am chun roinnt féiríní a cheannach; amárach an lá deireanach aige anseo.

Éirigh luath an mhaidin dar gcionn, bolg a líonadh, lón a ullmhú, mála a phacáil agus tacsaí a fháil chomh fada leis an Hotel Moliki, lóiste scíála, nuair a bhíonn sneachta ann, leath bhealach suas sna cnoic. Fuacht agus teas. Gaoth ghlan fhionnuar fhaoisiúl don bheirt bhuachaill bhruicíneach. 700 méadar, an áit a thosaíonn an fhoraois molika (Pinus peuce) a fhásann go hard maorga idir 700 agus 1700 méadar ar shleasa na gcnoc anseo agus a ligeann dóthain solais isteach chun timpeallacht ar leith a chruthú ar urlár na foraoise, an áit beo le plandaí éagsúla agus sean bhatairí Francacha. Ní cadhnairí mótair atá i gceist ach líne tosaigh na bhFrancach anseo sa Chéad Cogadh Domhanda. “Bhí tine anseo roinnt blianta ó shin,” a d’inis Alek dom ar mo chéad cuairt anseo, “B’éigean don mbriogáid dóiteáin teitheadh toisc sean sliogáin na ngunnaí móra bheith ag pléascadh sa teas.” Sách dona.

Suas ard atá na sean bhuincéirí Francacha, síos a théann muide, i dtreo eas uisce i lár na foraoise. Is gar dúinn bheith timpeallaithe ag bláthanna móra buidhe, cinéal Echinacea sp. agus an úsáid leighis céanna á bhaint as thart anseo. Leigheastar muide ag a háilleacht agus ag aer fhionnuar na foraoise tar éis brothall an bhaile, líonann muid na buidéil le huisce fuar sléibhe agus tugann muid ár naghaidh ar an Kamen (An Charraig) ag 1,500m. Ag mo chloigeann iar mhéadrach níl le dreapadh againn ach míle troigh seachas Carrán Tuathail. Tá dul amú orm is nach maith an rud é go bhfuil mar go bhfuil iontaisí an tsaoil romhainn.

Tagann muid ar abhainn na gcloch, screathan clochach, fána chomh géar le barr Chruach Phádraig. Ach go bhfuil na carraigreacha seo mór millteach is ní baol dúinn sciorradh, go háirithe agus cosán leice tógtha ag daoine tríothu. Beocht go leor sna clocha mar go bhfuil siad go léir clúdaithe le crotal, idir buí, glas agus liath, mionpháirceanna algacha a chuireann clocha na Bóirne i gcuimhne dom. Táim sa bhaile agus déanaim mo bhealach suas tríothu mar a bheadh gabhar ann, André tamall taobh thiar díom, ní pocaidí iad muintir na Freaslainne áit ina bhfuil an cnoc is mó sa cheantar 15 troigh os cionn leibhéal farraige. Ach is gar dúinn faoiseamh na foraoise arís agus béile fraocháin. Athraíonn an tír dhreach agus an timpeallacht go sciopthaí agus muid ag dul in airde, athrú aeráide atá i ngach 100 troigh nó mar sin; tosaím ag aithint na bplandaí go léir: driseacha, seamair dhearg agus, faoi cheann dhá chéad troigh eile, fraocháin. “Fáilte go hÉirinn”’ arsa mise le hAndré. Tá an áit beo leis an sceach íseal agus caora le fáil go tiubh orthu. Suíonn muid, itheann muid slám acu agus cuireann na caora mílse sin spreac ionainn arís chun cupla céad troigh eile in airde a bhaint amach. Cacanna ainmhithe agus éanlaithe éagsúla le feiceáil ar an gcosán, liathróidín fíonnaigh caite amach ag ulcabhán is dócha tar éis béile luchóige agus tochailt mór déanta ag ainmhí éigin. Broc? Más broc a rinne é sin is luchóigín mise. Tagann leabhar an Gharbháin (An Gruffalo) isteach im’chuimhne… ‘chuaigh luch ar strae isteach sa choill, is bhuail sé le hulcabhán gan aon ró mhoill…’ Maireann an luch sa scéal mar go gcruthaíonn sé ainmhí ina shamhlaíocht atá i bhfad níos mó ná ulcabhán ná nathair ná sionnach. An té nach bhfuil láidir ní foláir dó bheith glic.

Baineann muid droim an tsléibhe amach, scíth beag eile ag teastáil, ar aghaidh linn ar an droim ansin nó go nosclaíonn an fhoraois amach agus tagann muid ar an Kamen, an charraig, radharc aoibhinn síos isteach sa ghleann agus ó dheas ansin chomh fada le Bitola agus an mhá thorthúil. Tá duine ann romhainn. Suite ar bharr an Khamen tá banaltra óg Francach. Ní taibhse ón gcogadh í ach banaltra nua cháilithe atá ar saoire sna Balcáin. Sílim nár mhiste léi comhluadar agus tugaim cuireadh di siúl in éindí linn. Tá muid triúr ró thuirseach le dul suas níos faide is tógann muid cinneadh siúl síos go dtí an baile is giorra dúinn. Tá comhartha ann: Bihovo 2.5 uair a chloig. Tá cleachtadh agam ar chomharthaí den tsórt ag Oifig na nOibreacha Poiblí, is féidir uair a chloig a bhaint de sin go héasca, go háirithe agus muid ag dul síos le fána. Ní bacach an OPW a rinne an fhad seo a thomhais, áfach, ach pocaide luafar Macadónach. Trí uair a chloig a thógann sé orainne agus ní stopann muid ró mhinic ach amháin do na buincéirí Francacha, don nathair nimhe agus don rud mór sin ag búraíl sa bhfáschoill. Eachtraí go leor.

Líonann muid na buidéil an athuair ag an gcéad tobar a thagann muid air, muid buíoch go bhfuil cupóga go leor ag fás lena thaobh mar leigheas ar na neantóga loiscneacha a mbéigeann dúinn siúl tríothu, an áit seo ró chosúil ar fad le hÉirinn ag an airde seo! Ach éiríonn an cosán níos réidh go luath mar go bhfuil díog nó trínse lena thaobh. Leanann muid é ar feadh trí chéad slat nó mar sin agus tuigtear dúinn ansin nach draenáil a bhí i gceist leis ar chor ar bith ach trínse ón gcéad chogadh domhanda: tá muid ag na buincéirí Francacha, ag línte tosaigh an Chéad Chogadh Domhanda. Suite ar na ballaí cosainte clochach ag féachaint ó thuaidh samhlaíonn Aud, an bhean Francach, go mbfhéidir go raibh gaolta léi ag troid anseo. Titeann ciúnas orainn, ómós do na milliúin a maraíodh. Nach aisteach go bhfuil cónaí anois orm ar shráid Ghavrilio Princip, ainmnithe i ndiaidh an fhir a mharaigh an Diúc Franz Ferdinand, an fear a chuir an lasair sa bharach a chuir tús leis an gCéad Chogadh Domhanda. Má bhí fonn ar na Francaigh Bitola a chosaint ón dtaobh ó thuaidh, níor éirigh leo. Ghabh siad an baile ceart go leor ach thóg na Gearmánaigh agus na Bulgáir na sléibhte agus chaitheadar dhá bhliain ansin ag buamáil an bhaile. Cailleadh suas le fiche faoin gcéad den daonra deirtear.

Scíth beag agus síos linn tuilleadh. Stopann André go tobann, craobhacha á bhriseadh ag ainmhí mór éigin. Tagann an bheirt eile againn suas chomh fada leis agus cloiseann muid triúr é: géaga á bhriseadh agus búraíl domhan aisteach ansin. Ní fia atá ann, cinnte. “Bhí sé le taobh an chosáin” a deir André. “Tá sé ag éalú uainn anois, cibé céard é fhéin”, a deirimse, ach fós féin, tá muid ag géarradh ar an siúl anois. B’fhéidir go b’shin an fáth nach bhfeiceann André an nathair atá sé tar éis siúl thairis. “Nathair!” a bhéicim. “Cén áit?” arsa Aud, ag léimt as a craiceann. Cé go bhfuil eagla orm táim faoi dhraíocht ag na dathanna: uachtar, oráiste, agus donn, pátrún rialta ar a dhroim, ag tógáil na gréine dó féin. Bainim an guthán amach chun pictiúr a ghlacadh ach tuigim go bhfuilim chomh gar sin dó go bhféadfadh sé mé a phlaiceadh. Táim neirbhíseach, leathshúil agam ar an nathair, leathshúil eile ar an gceamara. Ró mhall. Go tobann, sleamhnaíonn sé go tapaidh isteach sa bhfásrach le taobh an chosáin. B’fhearr liom go mór bheith ábalta é a fheiceáil ach níl. Ní ghabhfadh muid sa tseans agus tógann muid cúrsa an leathan timpeall air. Ceamaradóir misniúl eile a ghlac an ceann seo.

Ach tá mo chroí ar preabadh, ní amháin le heagla ach le ríméad: cuma cén siúl a dhéanfadh duine in Éirinn ní thiocfaidh sé ar rud ar bith a d’fhéadfadh é a mharú ach amháin an duine…nó corr tharbh. Cuireann ainmhithe na Macadóine beagán múineadh ar an duine, gan trácht ar sheana phléascáin an Chéad Chogadh Domhanda. “Maith an rud go raibh banaltra linn”, arsa mise mar mhagadh. “Beag an mhaith, bheinn rite,” arsa Aud ar ais liom. “Bheadh is muide.”

Uair a chloig eile agus tá an fhoraois, más tada é, ag éirí níos tuibhe arís agus an cosán in aimhréidh. Sciorann talamh fúinn, ocras, tuirse agus easpa misnigh orainn. Ciúnas arís ar feadh meandair. “Cén tainm a bhí ar an mbaile sin a luaigh Simeona aréir?” “Dihovo” arsa André. “Beidh bialann romhainn mar sin?” “Caithfear coinneadh a dhéanamh”. Bainim amach an guthán ar an bpointe, “thug sí an uimhir aréir dom,” ach tugaim an fón ansin dó féin, aistritheoir an ghrúpa: “Lóistín?” “Ní hea, ach béile”. “Cé mhéid agaibh atá ann?” “Triúr” “Anocht ab ea?” Níl sé ach a trí a chlog is tá muid stiúgtha. Glaofaidh sé ar ais orainn. Sílim gur slán libh atá i gceist aige ach go tobann buaileann an fón arís, “Cinnte, cén tam?” Níl tuairim dá laghad againn cén fhad eile a bheas muid ach iarrann muid béile i gceann uaire, más féidir. Cuireann an béile nach bhfuil ite spreac ionainn agus ní fada nó go nosclaíonn na crainnte roinnt, páirc raithnigh os ár gcomhair amach agus is léir go raibh ainmhí mór éigin ag déanamh leaba dó fhéin sa raithneach. Anois tá an cac suas in André nó go mínítear dó go bhfuil an raithneach atá leagtha ag iompú donn: ní inniu ná inné a codlaíodh san áit.

Tógann sé uair go leith orainn an baile a bhaint amach , gan plaic bainte asainn, seachas corr neantóg arís, baile beag aoibhinn a árdaíonn ár gcroíthe agus béile den scoth: ispíní úra deataithe, courgette róstaithe agus, mar a bhíonn sa Mhacadóin i gcónaí, sailéad. Fíon agus beor baile leis. Níor bhlais mé a leithéid riamh i m’shaol, shílfeá gur le silíní a deineadh an fíon agus tá an beor chomh dorcha leis an leann dubh.

Ar ndóigh, ní saor in aisce a bheas sé ach nuair a iarraim ar Pheter, fear a’ tí agus iar imreoir sacair don Mhacadóin, cé mhéad, míníonn sé dom go bhfágann sé an praghas faoin duine a thagann. Ní droch phlean ghnó é mar go bhfuil seisean tar éis a bheith fial, fáilteach linne agus bíonn muide fial leis siúd. “Ní náisiúin iad na hAlbánaigh, na Giúdaigh is na Gréigigh,” arsa seisean ag imeacht dúinn, “ach gnólachtaí.” Ní dóigh liom gur droch fhear gnó é fhéin ach an oiread ach ní mó ná sásta atá Aud agus trí seachtaine caite aici san Albáin.

 Aud

Tacsaí isteach go Bitola, cith agus scíth beag, níl an lá caite fós. Tá cuireadh againn chuig dráma anocht sa Hotel Téatar (shílfeá gur tógadh dom é) agus, a bhuíochas do stíl siopadóireachta na mAcadóine, tá neart ama ag André le bheith ag siopadóireacht leis. Bím cúig nóiméad mall áfach is tá an amharclann bheag plódaithe. Ligeann athair duine de mo chuid micléinn roimhe mé sa scuaine. “Mr. D, this way please”. Tugtar suíochán na honóra dom, fágtar eisean lasmuigh. Tá na dráma ar fheabhas ar fad idir scéal, aisteoireacht, stiúrú agus léiriú, scéal mná le hailse agus scéal na Macadóine ar aon. Tagann bandia na Macadóine i láthair. Go tobann, briseann sí crúsca ornáideach ina smidiríní, meafar don deargfhearg atá ag brúchtaíl aníos sna daoine: níl muid chun cur suas leis seo níos mó. Ní thuigim focal is ní gá dom: táim faoi dhraíocht acu ó thús deireadh ach oireadh le gach duine eile sa seomra sin. Bhí mo chuid micléinn sa lucht féachana agus tá bronntanas acu dom. Bronnann siad orm go ciúin é agus tagann na deora liom. Tá lón anama faighte inniu agam is tá mo chroí a cur thar maoil.

Ag filleadh abhaile dúinn tá Alexander, fear a tí, romhainn, buidéal beag rakia ar an mbord aige, cara leis ar cuairt. “Beidh gloine agaibh”. Ceannaín beag. Rakia baile é seo, stuif i bhfad níos fearr ná an stuif a tugtar amach sna bialanna. I bhfad níos láidre freisin. Muid suite faoi chrann coille ag ól poitín. Tosaíonn muid ag déanamh cur síos ar an lá. “Smok”, a deir sé, nuair a luann muid an nathair. Tuilleadh cur síos air. “Ní smok go baileach ach sharka. Tá sé nimhiúl.” Déanann muid cur síos ar an ainmhí a chualamar ansin, déanaim iarracht ar an mbúraíl aisteach a rinne sé a aithris chomh maith is atá mé in ann. “Sin béar” arsa Alexander. “Tú cinnte?” “Táim”. B’as na sléibhte sin dá mhuintir, tá fios a cheirde aige. Breathnaíonn muid suas ar na réalta agus breathnaíonn Ursa major anuas orainne. Lá dár saol a dhuine, lá dár saol.