en fy eu mk sl ga

Aifric Mac Aodha

2018-06-26 23:41 — Ljouwert

Leeuwarden: Taobh na Fothana

Margadh an tSathairn a thóg an croí in athuair: bean na dtorthaí nach ngearrfadh pingin ar an abrikoos ‘gan chara’, an coinín ar éill á thabhairt amach ag siúl agus an buachaill sa chaifé a thaispeáin a chairrín dearg dom.

Sa Natuurmuseum Fryslân, chaitheas tamall ag faire ar sheitheadóir, preparateur, agus ulchabhán á stuáil aige, an t-ionathar á thriomú aige le borax.

Promhadh pinn is ea an prós – tiocfaidh na dánta.