en fy eu mk sl ga

Diarmuid de Faoite

2017-07-06 13:37 — Bitola, Macedonia

Ohrid Pearls

4.  PÉARLAÍ OHRID.

 

Tá an teas mór buailte linn anseo anois, 35 céim inniu, is ní bhím i bhfad ag foghlaim nósanna na háite: anois is beag fonn atá orm aon cheo a ithe roimh a naoi istoíche, is tá sé tar éis a naoi anois. Amach liom. Táim tar éis aithne a chur ar fhreastalaí. Cuirtear fáilte romham: creathadh láimhe. Creathann gach éinne an lámh go breá láidir anseo i mBitola chomh luath is a chuireann siad aithne ort. Is álainn an rud é an fháilte seo a chuireann daoine roimh a chéile ar an tsráid a fheiceáil, creathadh láidir láimhe, ‘high fives’ agus barróga, de réir aithne. Níl an freastalaí ró thógtha leis an rogha dinnéara a dhéanaim, áfach. Bíonn an ceart aige: tagann sé chugham agus an fheol chomh crua lem’bhróg agus glasraí a bhí reoite! Bíonn na fataí togha, áfach. Cuirim mo mhíshástacht in iúl dhó. Ar an sean nós Macadónach, ní ghabhann sé a leithscéal ach aontaíonn sé liom. Téann chun cainte leis an chef ina dhiaidh. Sea, a deir an chef, tá an ceart aige: tá an fheol sin crua, ceart go leor. Is sin a bhfuil de! Ar a laghad níl aon ghearán agam faoin bhfíon: togha fíona anseo cé nach nólaim ach an stuif geal anois; níl mo ghoile in ann ag an bhfíon dearg níos mó. Ar ndóigh, fágaim ‘tip’ leis. Luach fiche cúig cent i Denari agus bíonn sé breá sásta leis fhéin.

Is éasca bheith i do rí anseo. Tá rudaí chomh saor anseo go ndéanann sin ríthe asainn. Bíonn cathú ann, áfach, mar go bhfuil cumhacht ag baint leis an éagcothramaíocht seo. Ar airgead beag is féidir rudaí a athrú. Ag an am céanna is deas bheith ábalta beagán a chur i bpócaí na ndaoine gan poll ar bith a chur i do phóca féin. Ní nós leo tippeáil anseo: níl sé acu le tabhairt agus is beag freastalaí a dhéanfadh níos mó ná €100 in aghaidh na míosa anseo. Tugaim beagán do chách. Ag ceannach cairdis b’fhéidir ach tá cairde ag teastáil, ní fhaca mé ach duine amháin eile suite leo fhéin i gcaifé nó beár anseo ó tháinig mé.

Ach ar eagla go gceapfá gur sprionlach a bhíonn siad ní hea ach a mhalairt, roinntear an Rakia (poitín áitiúl) agus an Skopsko (an beoir is fearr sa Mhacadóin) go fial flaithiúl. Arís is arís eile, ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain mhóir, tá feicithe agam gurb iad is boichte is flaithiúla. Téim amach ag ól le Zharko (amhránaí áitiúl agus freastalaí) agus a chuid cairde. Ní ligtear dhom mo lámh a chur im’phóca ar feadh na hoíche nó go ndéanaim béasa Éireannacha a chumadh dóibh agus míním dóibh gur masla pearsanta a bheadh ann dom dá ngabhfainn abhaile gan deoch a cheannach. Cinnte, níor mhaith leo mé a mhaslú agus éiríonn liom cupla ordú a chur isteach. Irska? Arsa an fresatalaí liom? Cork City, Derry City, Shelbourne arsa sé. Céard is féidir a rá ach ligint orm fhéin gur fear mór sacair mé.

Skopsko: níl a shárú le fáil

Amach linn ag an dioscó ach arís is mise an taon duine atá ag bogaidí. Is cosúil go bhfuilim ag bogadh an iomarca mar ní fada go nosclaíonn spás i mo thimpeall. Éirím braon de bheith ag rince asam féin is tá Zharko ag luascadh, ní mar gheall ar an gceol ach mar gheall ar an ól (thosaigh sé deich nuaire a chloig romham). Buaileann muid bóthar. Fágaim Zharko leath chrochta amach as fhuinneog an tacsaí, buideál Skopsko ina leathlámh: cuirfidh sé glaoch orm. Agus déanann. Béile cupla lá ina dhiaidh agus arís ní ceadmhach dom mo lámh a chur im’phóca. Ach mise a fuair an tacsaí an oíche cheana: is dócha go dtéann sé thart, ach oiread leis an ‘Hackney tenner’ (deirtí go raibh pobail iomlán Hackney beo ar an ‘tenner’ céanna a bhíodh á thabhairt thart mar iasacht ó dhuine go duine!).

Tá geallta dom go socrófar ‘air-con’ san árasán. Anois, táid sean-nósach anseo agus, ach oiread leis an bhfear sa mbaile in Éirinn atá ceapaithe bheith ag cur leice ar uaigh mo thuismitheoirí le sé mhí anuas, níor tharla sé fós. Ach tá sé chomh deacair céanna orm éirigh ró-éilitheach le Paddy sa mbaile is atá sé orm éirigh ró-chantalach le hAlexander, mo thiarna talún, anseo. Ar ndóigh ní raibh eochar ag an bhfear bocht don doras is ní fhéadfadh sé bheith socruithe suas aige ar an ábhar sin agus, ar aon nós, nach raibh mé fhéin as baile le ceithre lá anuas! Tugaim m’eochar dó chun gur féidir leis ceann eile a fháil gearrtha: tá muid céim bheag eile chun cinn. N’fheadar cén leithscéal atá ag Paddy: easpa cloch sa Bhoireann is dócha!

Bhí mé in Ohrid le ceithre lá anuas, ag stopadh le mo cholceathrar agus clann a mhná céile. Bí ag caint ar chraic agus ar pholaitíocht clainne, ach ní bheidh anseo, nó b’fhéidir nach ligfear abhaile go deo mé. Níl aon easpa pingineacha ar mo cholceathrar agus is i villa a bhíomar ag fanacht, linn snámh, ‘air-con’ den scoth, ag breathnú anuas ar loch Ohrid, an loch is sinne san Eorap. Áit dothchreidte álainn ar fad. Ar ndóigh, cé go bhfuil an tairgead ábalta go leor a cheannach agus a dhéanamh, níor éirigh le haon phingin fós crith talún a stopadh; sea, creathadh amach as na leapacha sinn arú inné nuair a bhuail crith talún baile Ohrid. 5 ar an scála Richter más maith leat fios a fháil air. Fáth eile tuigthe agam faoin gcúis nach bhfuil cuma ró mhaith ar chuid de na sean tithe. Thit cuid den phlástar anuas ó na ballaí sa villa breá nua ina rabhamar ag stopadh. Níl de leigheas ar a leithéid ar ndóigh ach bualadh amach faoin aer, áit nach dtitfidh aon rud ort: isteach linn sa loch, na céadta éisc bheaga, bricíní nach bhfaightear aon áit eile ar domhain ach amháin sa loch áirithe seo, ag iarraidh éalú uainn. Nuair nach nithtear iad, déantar péarlaí as a gcuid scálaí. Conas? Tá sé ina rún daingean ag dhá chlann in Ohrid.

Léargas glan uisce go triocha troigh agus an loch féin suas le 900 troigh doimhneachta in áiteacha. Breac fiáin ar mo phláta an oíche sin don gcéad uair ó mharaigh mé cupla ceann in Inis agus mé ag fás aníos. Níor mharaigh muid fhéin na bric seo, áfach, bhíomar i bhfad róghnóthach ag breathnú ar luí na gréine san Albáin: taobh thall na locha. Chaith mé seal ag obair ar fheilmeacha éisc in Éirinn: ní nós liom na bradáin ná na bric ró bheathaithe sin a ithe ó shin! Ach an leaid fiáin, bhuel sin iasc eile ar fad. Tionlacan ceoil an oíche sin agus muid ag slogadh na mbreac, saghas ceol fhoireann tigh acu agus diabhail cailleadh orthu, iad breá ábalta na turasóirí Turcacha fireann a chur ag rince, scairfeanna bhána á luascadh san aer acu, iad ag géilleadh don cheol. Triaileann na ceoltóirí muintir na Macadóine a chur ag gabháil fhoinn ansin agus éiríonn go geal leo. Ní éiríonn leo an oiread airgid a mhealladh astu áfach. Arís, tá muintir na háite bocht.

Cad ar a bhfuil daoine ag maireachtáil, mar sin? Bhuel, airgead Astrálach atá ag coinneáil Bitola ag imeacht agus, i measc na bhfear go rabhas a caint leo as Kumanove, airgead a rinneadar ag tógáil nó ag coinneáil nó ag seirbhísiú ‘ionaid’ Meiriceánacha san Afganastáin agus san Íaráic atá siad ag maireachtáil anois air. Ach tá a bpotaí óir ag laghdú. Sin é an chaoi a bhfuil sé anseo is cosúil. Tá poist gann, poist eile ag fostú triúr nó ceathrar gan gá i ndáiríre ach le duine amháin don phost, agus, ar ndóigh, tá poist rialtais ann ach ní chloisfidh tú deireadh leis na gearáin faoin rialtas anseo: ceannach agus breabaireacht a deireann na daoine.

Tosaíonn mo cholceathrar ag caint ar ghnó a thosú anseo. Déanann duine de na fir gáirí. ‘Ní mholfainn duit é,’ ar Sasha, ‘tiocfaidh siad ar lorg airgid uait aris agus arís eile’. ‘Cé a thiocfas?’ ‘Bhuel, chun gach fadhb a leigheas beidh ort airgead a íoc is muna níocann tú é beidh fadhbanna agat.’ Tá mé fhéin is é fhéin sách fada sa bhfiacal chun go dtuigfeadh muid céard atá i gceist aige. Ar aon nós, bíonn critheanna talún anseo agus is Éireannaigh muide: cleachtadh againn ar ár gcosa bheith ar ‘terra firma’, sé sin ‘terra’ nach gcorraíonn faoi do chosa. Tosnaíonn muid ag caint ar an scolaíocht in Éirinn: é ag cuimhniú anois ar bhogadh abhaile, a bhean agus an leanbh óg a bhreith leis. Crith talún beag, bagairt ón mafia agus ón rialtas, níor thóg sé mórán i ndáiríre. Ach bheadh sé ag filleadh abhaile le péarlaí: a bhean, a pháiste agus clann atá chomh dlúth sin go dtagann siad ar fad in éineacht, idir óg agus sean: triúr déag a bhí sa villa againn! Beidh comhluadar aige ar a laghad ar bith, ach na visas a shocrú. Tá cáil ar phéarlaí Ohrid agus d’aimsíos ceann mé féin i bhfoirm an chairdis clainne Macadónach agus sa bhuachaillín beag Éireannach-Macadónach, sé mhí d’aois , atá anois ina chuid dlúth de ghinealach mo mhuintire. 

p.s. Thuirling péarla eile ar maidin: tá an ‘air-con’ curtha isteach acu agus é ag obair freisin. An Mhacadón 1; Iarthar an Chláir 0.