en fy eu mk sl ga

Colm Ó Ceallacháin

2017-11-07 17:00 — Donostia

Oíche Shamhna i dTír na mBascach

Tráthnóna Domhnaigh in Hernani, baile dúchais Idoia atá tamall beag lasmuigh de Donostia, ag suí faoin aer i bhfochair Idoia, Alan agus Kontxi. Is deoch mór é Sagardoa, nó ceirtlis, sa tír seo, í á táirgeadh ar fud na tíre, agus bainim triail as. Níl sí leath chomh milis leis an stuif sa bhaile, agus níos blasta go mór dá bharr. Ar ár gcúl tá buíon chailíní i gcearnóg an bhaile ag casadh ceoil is ag canadh i mBascais, os ár gcomhair na buachaillí ag lascadh liathróide leis an bpinniúr Pelota, an leagan liathróid láimhe atá anseo. Bíonn na mílte ag na cluichí is mó acu, airgead mór le saothrú ag na himreoirí gairmiúla, agus ag lucht buaite na ngeall chomh maith céanna.

Níl aon chomparáid idir an méid Bascaise atá le cloisteáíl i measc an phobail anseo agus cás na Gaeilge sa bhaile. Ní amháin i mbaile Hernani mar a raibh an teanga riamh láidir, ach fiú i gcathair Donostia tá an Bascais le cloisteáíl ar a laghad chomh minic céanna is atá an Spáinnis. Fad is a bhí an bunscoil áitiúil ag dul ar thuras báid i bPasai mar a bhfuil cónaí orm, agus iad ag spalpadh Bascaise ar a dtoill, bhuail mé bleid ar dhuine dá gcúntóirí. Gan amhras labhraíonn siad Bascais, ar sé, nuair nach mbíonn le cloisteáil sa seomra ranga ach í go dtí rang a dó acu, agus cúpla bliain réamhscolaíochta san áireamh ansin. B'fhéidir nach bhfuil an teanga ag na tuismitheoirí nó na seantuismitheoirí, na glúnta sin a d'fhás aníos nuair a bhí cosc ar í a labhairt, ach i measc an aosa óig is i dtreise atá sí ag dul. A mhalairt scéil atá againn in Éirinn go hiondúil, ach is léir gur i dTír na mBascach a rinneadh an margadh is fearr leis an diabhal sin gurb í an teanga cheannasach í.

Tá suim ag daoine anseo i gcás na Gaeilge, fiú ag club leabhar Béarla Donostia mar ar tugadh cuireadh dom labhairt. An leabhar a bhí faoi chaibidil acu ná 'Portrait of the Artist as a Young Man,' ach ós rud é nach aon scoláire Seoigheach mé chloígh mé le ceist na teanga. Ar Oíche Shamhna, Gau Beltza nó Oíche Dhubh i mBascais, tháinig gasúir na dúiche go dtí an leabharlann, iad péinteáilte is faoi fheisteas mar a bheadh sa bhaile, le haghaidheanna á ghearradh ina gcuid puimcíní ollmhóra.

De réir dealramh tá an nós seo acu leis na nglúnta. Fearadh fáilte croíúil romham go Pasai Donibane, agus labhair mé ar feadh tamaillín ar nósanna Samhna na hÉireann agus ar an nGaeilge. Arís cuireadh an-suim sa teanga is cuireadh go leor ceisteanna orm fúithi. I measc an tslua bhí fear ó Dhroichead na Bandan, Barry Manley, fuirseoir a dhéanann a dhreas grinn go hiomlán i mBascais. Táim ag súil go mór lena sheó a fheiceáil, ach mar is dual d'fhear grinn agus taithí a dhóthain aige ar heckláil an lucht féachana b'fhéidir, ba é a chuir na cruacheisteanna orm. 'An airíonn tú aon chosúlachtaí idir Éireannaigh is Bascaigh?' 'An maith leat na Bascaigh?' 'Abair amhrán.' An cheist ba shuimiúla ar fad, áfach, tháinig sé ó bhuachaill a d'iarr orm cé a chéadchruthaigh Oíche Shamhna. Thángamar ar an réiteacht gur ó na Bascaigh a tháinig nós na bpuimcíní, ó Éirinn na feistis is na cluichí scanrúla, is gur thógamar go Meiriceá iad araon le go mbrandálfadh na Poncánaigh iad le díol ar fud an domhain. Meiriceánach amháin a bhí inár measc, Dala, bean a tháinig go dtí an tír seo dhá mhí roimh bhás Franco (cé nach ise a mharaigh é, a deir sí), agus nuair nár chuir sí i gcoinne na teoirice seo bhailíomar linn go dtí an taberna. Sea, tá cosúlachtaí idir na hÉireannaigh is na Bascaigh.