en fy eu mk sl ga

Focail Eile

2016-11-08 14:00 —

Oireachtas na Samhna

Thug Yoseba cuairt ar Oireachtas na Samhna ag an deireadh seachtaine. Fuair sé blaiseadh iontach do chultúr dúchasach agus bhí deis aige freastal ar réimse leathan imeachtaí ar nós comórtais amhránaíochta ar an sean-nós, chonaic sé páistí óga ag cleachtadh damhsa ar an sean-nós agus agallamh raidió agus teilifíse.

Reáchtálann Oireachtas na Gaeilge príomhfhéile bhliantúil na nGael, Oireachtas na Samhna, ‘Cruinniú’ nó ‘tionól’ de chuid lucht rialaithe na hÉireann an chiall a bhí leis an bhfocal `oireachtas` sa 7ú haois. Go dtí an lá atá inniu ann leanann Oireachtas na Geailge de thraidisiún uasal sin an tionóil agus na díospóireachta, a bhunaigh ár sinsir na céadta bliain ó shin, ag cur fáilte roimh óg agus aosta, scríbhneoir, file, amhránaí, damhsóir, ealaíontóir, scéalaí, aisteoir, aithriseoir, cumadaóir ceoil agus amhrán, ceoltóir agus pobal na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear.

Tuilleadh eolais:http://www.antoireachtas.ie/

  • 2016-11-10 Idoia Noble

    I've noticed a music instrument which looks very much like the Basque 'trikitixa' (i.e. a diatonic accordion). I bet Yoseba felt at home at your festival!