en fy eu mk sl ga

Diarmuid de Faoite

2017-06-30 13:06 — Bitola, Macedonia

Paddy Alexander Marcus Beag

3

Paddy Alexander

Tá an tainm Alexander chomh coitianta anseo is atá Paddy sa bhaile. Paddy Alexander a bheas orm feasta mar sin. Tá an oiread sin éagsúlacht fola san áit seo, an éagsúlacht fola is mó san Eorap i measc cosmhuintir na háite seo, a deirtear. Dá bhrí sin ní sheasaim amach mar Éireannach in aon chor, ainneoin gur diúltaíodh éisteacht dom uair amháin, in Éirinn, toisc go raibh mé ró Éireannach ag breathnú! Cé gurb é an cruth slávach an cruth agus an cuma is coitianta anseo, tá cruthanna agus craicne go leor eile ann freisin: daoine le fuil Turcach, Arabach, Indiach, Roma, Francach, Ceilteach agus a náilleacht féín acu go léir. Bíonn corr leaid rua bruicíneach ag dul thart freisin is ní turasóirí iad; ní mise an taon duine a bhíonn ar an factor 50. Go deimhin, glactar leis gur duine de mhuintir na háite mé nó go dtéann an comhrá thar dhá abairt. De bharr drogall a bheith orm Béarla a labhairt síltear ansin gur Iodálach bocht mé gan mórán Béarla! Sea, ní sheasaim amach mar Éireannach ach seasaim amach mar aonaránach. Ainneoin comhluadar, ainneoin bheith ag cros bhóithre na hEorpa, airím aonarach.

Níl ach duine amháin eile feicithe agam ag ithe ina naonar anseo ó tháinig mé: b’shin trí seachtaine ó shin. Diabhail magadh. Cuirtear béim ar chursaí caidrimh anseo agus is maith ann é. Tá pobail anseo, gaolta, cairde. Is álainn an rud é gach duine atá in ann siúl, linbh agus seanóirí san áireamh, a fheiceáil amuigh ag spaisteoireacht, suas is anuas Shirok Sokak, (Sráid Ghrafton, Sráid na Céibhe, Las Rhamblas, Broadway: pioc do rogha comparáide). Níl an pobail scoite. Tá meascán aois ghrúpaí ann agus foghlaimítear béasa dá bharr. Ní bhíonn na déagóirí ró ghlórach ná ró bhagarthach, ní bhíonn na páistí drochmhúinte, ní bhíonn na tuismitheoirí ag tabhairt amach i gcónaí. Ar ndóigh, ní bheadh sé cooláilte bheith ag béicíl ar aon nós agus is léir go b’shin an tógáil. In áit na daoine bheith ag gleo is iad na beáranna agus na bialanna a dhéanann an gleó go léir. Mar go mbíonn ceol i ngach aon áit ón ollmhargadh go dtí na bialanna: rithimiúl, cuisleach, gan staonadh. Níor chualas aon ‘supermarket music’ anseo go fóill: fiú amháin sna hollmhargaidh bíonn ceol maith acu!

Aon sruth daonna amháin a bhíonn ar an tsráid anseo agus iad aireach dá chéile, coinsiasach go bhfuil daoine ag faire orthu freisin is go bhfuil siadsan ag faire ar dhaoine eile ach ní chuirtear isteach ná amach ar a chéile. Ní amháin gur sruth daonna atá ann ach sruth áilleachta leis agus is dualgas crua ann féin é do chuid súl a choinneáil agat féin mar mealltar an tsúil, agus an dúil, arís agus arís eile. D’fhéadfá an lá ar fad a chaitheamh ag faire ar an sruth éagsúlachta áilleachta seo agus, go deimhin, caitheann go leor an lá á dhéanamh. Is leor uair a chloig dom fhéin áfach, an sensory input ró mhór dom, idir áilleacht, craiceann, ceol agus aonaránachas. Ach tá rud eile ag tarlú dom ar an sráid freisin. Bristear mo chroí arís agus arís eile ag féachaint ar pháistí na háite seo is gan a bheith ábalta bheith mar chuid den gcomhluadar, cuid den gclann. Tá poll im’chroí nuair a thagann sé go dtí m’iníon. Bás beo. An tuismitheoir gan páistí. An tathair gan clann. An grá gan comhlíonadh. Tuigim gur mhothaigh mé an rud céanna go minic sa bhaile ach tuigim freisin go raibh fhios agam gur mhó an phian a bheadh anseo orm. Méadaitear ar rudaí thar lear agus ní nós liom bheith ag dul thar lear chun éalú ó thada ach chun dul i ngleic le rudaí. Shíl mé go laghdóinn an phian dá bhfeicfinn roimh theacht anseo dhom í ach thit an tóin as na hiarrachtaí sin. D’imigh sin agus tháinig seo.

Ach bronntanas atá sa pholl seo freisin: bronntanas ama a thugann deis dom bheith ag scríobh. Níor casadh an duine fós orm atá in ann clúidíní linbh a athrú agus ríomhaire a oibriú ag an am céanna. Cuimhním ar ‘Nóra,’ ar an drama atá á scríobh agam…. ar a huaigneas, ar an bpáiste a shamhlaím gur chaill sí, ar a briseadh croí, ar an méid a d’fhulaing sí, ar an sagart a chuidigh léi, ar an tuismitheoir a cháin í. Ní mhór d’aisteoir agus do scríobhnóir bheith ina scáth ar an sruth daonna. Sin é a n ról atá againn, é sin nó nach ‘ego’ uileag atá ann? Táim buíoch go naithním na mothúcháin seo, na pearsain éagsúla seo, ionam féin, inti, sa tsaol. Is mó seans go naithneoidh an lucht féachana iad féin sa chás sin, go labhróidh an scéal leo. Scríobh faoin rud a thuigeann tú a deirtear. Faoi láthair, in aineoinn comhluadar, aithním uaigneas. Uaigneas Nóra. Bhí fhios agam go mbeadh sé mar seo im’chroí istigh, bhí fhios agam nach bhféadfaí tragóid a scríobh gan bheith thíos leis na mothúcháin a bhaineann leis scaití.

Ach cuimhním ar fhocail Mhisha Mhokeev, stiúrthóir Rúiseach, ansin: “suffering is an actor’s animal: don’t feed the fucker!” Sea, téann muid go domhan chun teacht ar phéarlaí na daonnachta ach ní fhanann muid ann. Cuimhním freisin ar chomhrá a bhí agam le hAlexander eile anseo cupla oíche ó shin: “Don daibhir, tragóid atá sa tsaol, don saibhir ‘comedy’ atá ann, don duine críonna, draíocht atá ann.” Draíocht na samhlaíochta. Is féidir éadóchas a shamhlú. Is féidir dóchas a shamhlú freisin. Claothchló. Tig athrú. Ní bhíonn sé éasca ach is féidir é a dhéanamh. Leath lán nó leath fholamh? Beatha duine a thoil, beatha duine a shamhlaíocht.

Teastaíonn aer ón dtomadóir mothúcháin seo. Líonaim mo chuid scámhóga le haer úr an chuisneora agus amach liom ar feadh uair a chloig eile sa tsruth daonna, le haghaidh uachtar reoite an iarraidh seo; ar dhúirt mé leat go bhfuil sé 37 gcéim Celsius inniu anseo i dTír na Fola agus na Meala (an chiall atá le Balkan). Mar a deireadh Finbarr i ndráma Antoine Ó Flaithearta, ‘Grasta i Meiriceá,’ “fuacht agus teas a mhac, níl tada leamh leathbhruite faoin áit seo.” Níl sin.