Cathal Poirtéir
2016-12-01 10:45 — Maribor
Dánta Chathail Póirtéir ar fáil i nGaeilge agus sa tSlóivéinis
Poems by Cathal Póirtéir in Irish and Slovene
Dánta Chathail. Tá leagan sa tSlóivéinis thíos faoi.
Iomaire Cam
Grian órga an Fhómhair
Ar bharr an Iomaire Chaim
Ag faire orainn triúr
As cathair Cholm Cille
A tháinig ar bhus
A imíonn ó dheas
Go bád nó traein.
i.
Ceantar agus a chlann
Ag cothú a chéile le céadta
Ag cur síl i dtalamh
A ghéill dá ndúthracht
Ag súil go mbeadh
Fir bhainte sa bhaile
Ar theacht an Fhónhair.
As ciúneas cré,
Shín carraig agus crann
Géaga nochta mar fhoscadh
Ar chlann agus ar a gcúram.
Faoi chois na spéire léithe
Baile ár n-aithreacha mar chill,
Seanteach ár muintire ina leac
Ar ar éag agus ar imigh
Thar mhuir agus faoi chré
Ón Iomaire Cam.
ii
Cat ag coimhéad ar mhadra
Ag cosaint na sráide
Ar choimhthígh na catharach
A thriall ann Dé Domhnaigh
Faoi threoir a n-athar,
Ag cuartú an mhéid
Nár tuigeadh is a cailleadh
Is a díbríodh ó bhaile.
Ballaí na hóige níos ísle anois
Ar athchuairt dúinne
Ach tá a gclocha críonna
Ard go fóill
Dár sliocht ar céadchuairt
Nach n-aithníonn go bhfuil
Doras úr briste agus seomra tógtha
Dá leithéidí nár thréig
Cuing na spéire léithe
Is nár éalaigh go
Beannchar,
Baile Átha Cliath,
Is an Bhreatain Bheag.
iii
D'imigh athair ar aimsir
Go hAlbain is Tír Eoghain
Ach b'fhaide an t-achar
A chaith a chlann
I measc stráinséirí i gcéin
Ag caint ar a raibh
De chuideachta fadó
Ag daoine atá marbh,
Is nár fhág ina ndiadh
Ach cuimhní agus tost
Is bealach chun imeachta.
D'éag seanduine,
D'éalaigh fear óg,
D'fhill athair
Le clann a thógáil
Faoi scáth an Iomaire Chaim.
iv
Chuaigh muid ag cuartú
Is ag séanadh ár ndúchais
In áiteana nach linne iad
Nach leofa muid,
Ar strae san idiráit.
Scartha ón chré
A bheathaigh ár muintir,
Go beo agus go bacach.
Cuirimid anois i gcéill
Do stráinséirí
Gur thuig muid
Saol a sheachain muid.
Oilfidh muid páistí le scéalta agus bréaga
I mbaile nach dtuigfidh
Meath mall na mblianta
Faoi chuin na spéire léithe,
Ná gur cáineadh iad sin
A threabh an t-Iomaire Cam.
Grbasti greben
(Iomaire Cam / Umeracam / The Crooked Ridge)
Zlato žetveno sonce
Na vrhu Iomaire Cama
Zre na trojico iz Derryja
Kako prihajajo in odhajajo
Na avtobus
Za na ladjo ali vlak
i.
Kraj in ljudje
Skrbijo drug za drugega
Svoje seme sadijo v zemljo
Ki se je vdala njihovim potrebam
Upajoč
Da se žanjci vrnejo
Pravi čas.
Iz tihe zemlje
Se raztezata drevo in skala
Goli udi ščitijo
Generacije.
Pod težo slovesnega svoda
Rodovitna zemlja zbledi v božjo njivo
Stara hiša je nagrobnik
Za mrtve
In tiste, ki so zdrsnili
Pod glineno rušo ali preko morja,
Zapustili Iomaire Cam
ii.
Mačka motri psa
Kako varuje ulico
Pred tistimi iz Derrjya
Na izletu
Z očkom
V iskanju nečesa
Neumeščenega,
Nerazumljenega,
Izgnanega.
Zidovi otroštva se krčijo
S časom
Toda kamen še sega do neba
Za naše otroke
Ki ne vedo
To so nova vrata
Nov prostor
Za tiste, ki niso pobegnili
Jarmu slovesnega svoda
S izginotjem
V Dublin, Down
Ali Wales.
iii.
Očka je delal leta in leta
Na Škotskem in v Tyronu
Toda več časa smo preživeli drugje
Med tujci
Se pogovarjali o dobrih starih časih
In mrtvih
In njihovi izgubljeni dediščini
Pobega
Stari mož umre
Mladi odide
Oče se vrne
Preživljat družino
Ne predaleč
Od Iomaire Cama
iv.
Iskali smo
In se strahoma izmaknili
Svoji zapuščini
Na nikograšnji zemlji
Ki ji nismo nikoli pripadali
Nobenih korenin v zemlji
Na kateri so naši ljudje živeli
V dobrem in slabem.
Zdaj se pretvarjamo
Pred tujci
Da smo poznali življenje
Kateremu smo se izognili
Otroke bomo vzgajali
V laži
V krajih, ki ne poznajo
Sivega propada dni
Pod težo slovesnega svoda
Ali zlorabe tistih,
Ki so orali Grbasti greben.
Tonnchrith Intinne
Má léimim leat in alltacht méine,
Má lúbaim leat i dtreo na gréine,
Má luím leat i gciúneas céibhe,
Má lomaim leat i leaba scéimhe,
Má chaithim oíche ar bharr do bhroinne,
Má shnámhaim leat ar bharr na toinne,
Má réabaim leat ar chladach sdeirdiúil,
Má thráim leat faoi mhuirn na dtonn,
Má phléascaim leat ar charraig lom,
Má thumaim leat go híochtar mara,
Má tháthaím leat mar anamchara,
An roinnfeá liom do thaithí féín,
Ar thír iongnathach in imigéin
Ina mbíonn do rún go soiléir
Gan m'aineolas ar d'ainmhéid.
Pretres misli
(Tonnchrith Intinne / Mindquake)
Če tečem s tabo v norem poželenju
Če zdrsnem s tabo proti soncu
Če ležim s tabo na spokojnem pomolu
Če se zazibljem s tabo na prelepi postelji
Če ti dovolim pognati se in skočiti
Če preživim noč v tvojem objemu
Če jezdim s tabo na valovih
Če ti sledim v tihem strahu
Če s tabo nasedem na razgaljeni obali
Če padem s tabo pod gladino razburkanega morja
Če se raztreščim s tabo na goli skali
Če se s tabo spustim v globine
Če se raztalim vate kakor sorodna duša
Ali mi boš razložila svoja doživetja
Čudovitega sveta onkraj valov
Kjer so odstrte tvoje skrivnosti
In jih morem vse razumeti
Athshaol
(do Shiúan)
Os mo chomhair tá an fhírinne lom,
Do rún ina steillbheatha,
Do bhrí ina chuisle reatha.
Nochtann tú dom géag ar ghéag
I ndeireadh iomramh seo na gcéadta
Lá is oíche ar dhomhanchlár na dtonn.
Snámhann cumhra do cholainne chugam ina thúis
Ag beannú aithne agus eolais ár mbeatha súite
A táthaíodh go rúnda gan aon mhórchúis
Ach a theilg mé ar m'aistear.
Tagaim i dtír ar d'inis gan chríoch,
Leagaim méar ar do dhreach draíochta,
Cuimlím go cneasta do chraiceann caoin,
do thorthúlacht, do thalann is do mhaoin
Beathaithe sa teagbháil tosaigh thostach seo.
Cluinim do chogar arís i mo chluais
Go dtuigim stuaim mo ghluaiseachta
I ndorchadas oíche thar sáile anseo
Agus leagaim póg ar do bheola.
Tá scáil an ómair ar achan ga gréine
Ag cornadh le spleodar thar d'éadan,
A chaise na caise, ildaite, ilmhianach,
In ilchruth do bheatha thar na cianta.
Chím i do shúil an linn ghrianach ghloine,
Fuinneoga criostail in eaglais loinnreach,
Seoda snoite ag saor geal gan choinne
Aige le d'áilleacht gan choinnealg.
Drugi svet
(Athshaol / Otherworld)
(Za Siúan)
Soočen s tvojo golo resnico
Tvoje bitje prične dihati
Tvoj pulz bije v tvojem ritmu
Razgališ se ud za udom
Vstajajoč iz tekočega življenja
Iz teme v svetlobo.
Tvoj vonj priplava k meni kakor kadilo
Blagoslavlja najin buren obstoj
Tekoča čarobnost se strjuje
Ulita v neraziskanih globinah.
Splavam na obalo neskončnega otoka
Čutim svoje prste na tvojem obrazu
Nežno drsim po tvoji svileni koži
Izbruh brezkrajnih energij
V tem prvem neslišnem dotiku
Tvoj šepet odmeva v mojem ušesu
Moja norost dobi pomen
Obup odhaja poražen
Ko se končno objameva
Sončni žarki jantarnih odtenkov
Veselo vrtinčijo se v vseh potezah
Viharen spekter se razteza
V vseh možnih permutacijah
V tvojih očeh žari tolmun draguljev
Poslikano steklo v lesketavi cerkvi
Ki ga je do popolnosti zloščil draguljar
Zaslepljen od svetlobe, ki prihaja od znotraj.
Cuairt an Mheáin-oíche
Shleamhnaigh cogar gan choinne
As scadamán na hoíche.
Labhair údar an gutha
As ceobhrán mo chuimhne.
Léim mé chun tairsigh
go scaoilfinn chu tí thú,
Neamhaird ar bhlianta
Éalaithe uainn.
Barróg ina ceist
póg ina freagra,
ár súile ag urnaí
le chéile go faiteach.
Cosc ar chaint
Ar chleamhnas
Ar cheangal
Go mblaisimis beirt
Dár gcaidreamh caillte
San fhearann ceilte
Gan ghellúint
Gan gheasa.
Phreab mé i mo dhúiseacht
Le scread na maidne.
Bhí tú slógtha arís
Ag corpán na hoíche,
Gan chogar ag caoineadh
Ríon na físe.
Polnočni obisk
(Cuairt an Mheáin Oíche / The Midnight Visit)
(za Mary B.)
Šepet nepričakovano
Uide grlu noči
Glas preskoči
Megličaste zidove spomina.
Poženem se k pragu
Na široko odprem vrata
Ne ozirajoč se na leta
Ki so nama pobegnila.
Vprašanje nežnosti
Odgovor poljuba
Najine oči nemirno molijo
Skupaj.
Prepoved govora
O vezeh
Ali jutrišnjem dnevu
Dokler ne okusiva
Drug drugega
V skritem kraju
Kjer ni popuščanj
Niti zahtev
Krik sončnega vzhoda
Razblini spanec.
Truplo noči
Te pogoltne.
Niti šepet
Ne objokuje podobe.
Gabhla
Do chorpán sínte ar imeall na mara,
Do chraiceann ag lobhadh faoi réabadh na dtonn,
Do bhrollach lomnocht ag gobadh in airde,
Do chuid fola tráite ó bheola a cheol.
Ciúnas ina ríon cois cladaigh,
Luascadh na marbh ina chuisle i mo cheann,
Rabharta an dordcheoil ina requiem lom.
Otok Gola
(Gabhla / Gola Island)
Tvoje truplo razprostrto na robu Atlantika
Tvoje meso gnije pod navalom oceana
Tvoje razgaljene prsi poskakujejo na vrhu
Toda tvoje brezkrvne ustnice ne pojejo
Tišina je vladar obale
Smrt utripa in se obrača v tvoji lobanji
Globoka glasba pomladi razkrita kot rekviem
An t-Eargal
Feasóg bhán na lán-ghealaí
Sínte trasna na speire
Agus an t-Eargal ina charn óg
Mar dhuine ag bun sléibhe.
Gora Errigal
An tEargal / Mount Errigal
Prameni bele brade mesečine
Se raztezajo na nebu
Errigal nenadoma kamnito prgišče
Človek ob vznožju gore
Bradán
(do Nuala Ní Dhomhnaill)
Rithimí rúndiamhra ag tuile is ag trá
Ó dhuibheagán na mara tá bradán ar an tsnámh
Fríd shrutháin na Coiribe in éadan a nirt
Go ceann scríbe a bhreithe de shéirse.
Borradhh is brúchtaíl ar choraí a chasáin
Casadh agus cuaifeach ag suaitheadh a ráis
De léim is de phreab go buaic is go barr leis
Go huachtar na habhanna le dúil ina scéith.
Ó bhéal an chuain go cuas gan tubha
Ag sroichint linne ar imeall srutha
Ar a dhícheall an t-ualach a chur dó
Roimh dheireadh a shéasúir faoi shó.
Losos
(Salmon / Bradán)
(Za Nualo Ní Dhomhnaill)
Skrivnostni ritmi poplesujejo, lebdijo
Lososi iz globin drvijo
Proti toku v Corribovih vodah
V nenadnem drhtenju se drstijo
V izbruhih skozi jezove se prebijajo
Izčrpani, nemirni komaj še krmilijo
V skoku k višku zdaj stremijo
K višavam reke srčno hrepenijo
Od ustja luke do varnega zaliva
Končno v tolmunu na koncu poti
Dajejo vse, da se znebijo bremena
Preden njihov čas zbledi.
Monabhar
Ar éirí do mo chéadfaí nó i suaimhneas scaoilte suain,
Tá d'éadan glégheal galánta is áilleacht do ghnúise.
Do dhúshlán do mo dhúiseacht is mo thionlacan go néal,
Ag iomramh i d'imreasc is ag imirt ar do bhéal binn.
Do bhrollach geal ag lúbadh i gcuisle dhothomhaiste,
An spéir is a réalta splanctha i do dhiaidhse.
Tá d'aisling mhire ag réabadh mo chéille
Is tá mo cholainn céasta ag dúil i do bheithse.
In uachtar ort, lig dom gluaiseacht.
In eolas ot, lig dom dúiseacht.
Iompair leat mé go híor na spéire
Go bhfeice mé raon agus rún na gréine.
Mrmranje
(Murmering – Monabhar)
Prebujanje čutov ali tišina premotenega spanca,
Tvoja svetlikajoča polt in izjemnost tvojega izraza.
Tvoj izziv me budi in uspava,
Lebdeč v tvojih očeh, drseč po tvojih ustnicah.
Bele prsi kipijo v nedoumljivem ritmu
Nebo in zvezde gorijo v želji po tebi
Noro domišljanje izžene ves smisel
Trpeče telo, ki te potrebuje.
Po tvojem površju, naj potujem.
V tvoji modrosti, naj se zbudim.
Vzemi me s sabo v svoj horizont
Naj spoznam skrivnost sonca.
Deathwatch – Leaba an Bháis
The vigil lights flicker
On a family’s final rite.
Prehistory visits tonight.
Side by side in silence
The family circle tight
In solemn solidarity.
But we don’t cry. Not now.
Not yet. We wait for later,
When she is gone,
Dead and gone,
Good and gone.
For now, country courtesies and cousins
Manoeuver around us and our thoughts
Of mourning a mother’s soul.
Memories arrive too.
Words return from other times
As we bind our new realities
Together and gather fragments
Of our family’s past
And lay them lovingly in line,
Layers of experience in time,
translating past to present.
With talk and tales we try
To soften her death for her,
As she softened our lives.
We restrain gnawing grief
Reconnecting piece to piece
As light begins to fail
And death distorts detail.
We battle against that guttering rattle
With memories, prayers and prattle,
Recognising rhythms in the rise and fall
Of her drawing breath, each small
Sound magnified by our primal fears
Until there is nothing left to hear
And speech and meaning disappear
Saddened into Silence.
Bedenje
(Deathwatch – Leaba an Bháis)
Migetanje večnih luči,
Družina na poslednjem obredu.
Danes nas obišče prazgodovina.
Drug ob drugem v tišini
Družinski krog tesno
V svečani solidarnosti.
Toda ne jočemo. Ne zdaj.
Ne še. Čakamo na kasneje,
ko je ne bo več.
Nikoli več.
Nikdar več.
Za zdaj vljudneži in žlahtniki
Krožijo okrog nas in naših misli
Žalujočih za dušo matere.
Tudi spomini prispejo.
Besede kapljajo iz časov, ki jih več ni.
Mi pa kujemo novo resničnost
In pobiramo drobce
Družinske preteklosti
In jih ljubeče položimo v vrsto,
Plast za plastjo izkušenj v času,
Tolmači, kar je bilo, v kar je.
Z besedo in zgodbami skušamo
Olajšati ji smrt,
Kakor je ona lajšala naša življenja.
Brzdamo pekočo žalost
Povezujemo znova kos za kosom,
Medtem, ko svetloba pojenja
In smrt krivenči podobo malih stvari.
Borimo se pred brlečim prasketanjem
S spominjanjem, molitvijo, blebetanjem,
Zaznamo ritem v dviganju in spuščanju
Njenega diha, vsak najmanjši
Zvok napihujejo prvinski strahovi,
Dokler ni ničesar več slišati
Zvok in pomen besed izgineta
Užaloščena v Tišino.