en fy eu mk sl ga

Colm Ó Ceallacháin

2017-12-06 20:25 — Donostia


Raic!

Meánlae Dé Sathairn, cuirtear tús leis an Kantu Jira i Pasai Donibane. Uair sa mhí a bhíonn an Kantu Jira - 'canadh amhráin' go bunúsach - ar bun anseo, ach ócáid faoi leith í seo mar go beidh roinnt amhráin Éireannacha á gcasadh agus bazkaria - béile, nó féasta fiú - ag a deireadh. Thug mé féin is Barry faoin bPoc ar Buille i Taberna Iciar, ach tháinig feabhas ar chúrsaí ceoil ina dhiaidh sin.

In elkartea, nó club sóisialta Pixi-Pixi a bhí an gabhar (pocán crón) á róstadh, agus i ndiaidh an bhia thosnaigh an ceol in athuair.

Amhráín Bhascaise ar fad, idir nua is traidisiúnta, a bhí á gcasadh ag na ceoltóirí, is ní raibh aon leisce ar an lucht éisteachta dul i mbun spraoi lena linn.

 'Euskaraz bizi nahi dut' - Is mian liom maireachtaint i mBascais.

Meánoíche Dé Sathairn, tugaimid aghaidh ar Taberna Patxiku. Mórshiúl meidhreach é, cibeal cairdíní, drumaí is guthanna slóchtacha. Níl oidhre ar ócáid seo an Kantu Jira ach Lá an Dreoilín mar a bhí (is mar atá fós in áiteanna) sa bhaile, agus bhí aimsir oiriúnach againn dá réir.

 Tagann an bháisteach go Donostia. Clabhstra na seanmhainistreach i San Telmo tar éis na díleann.

 

 Tagann an sneachta go Donostia. Trá Kontxa, agus na cnoic bhán ar a cúl.

An lá dar gcionn, Dé Domhnaigh, lá náisiúnta na Bascaise a bhí ann, is bhí boird ar fud an plaza anseo le go bhféadfadh daoine dul i mbun comhrá lena chéile ar a gcaoithiúlacht. 

Cuirim mearbhall ar an gcomhluadar le mo dhrochBhascais.

Mar chalafort, tá neart Spáinnise le cloisteáil anseo agus inimircigh ag lonnú anseo ó Mheiriceá Theas, an Phortaingéal is an Spáinn, ach lena gceart a thabhairt dóibh déanann cuid mhaith acu iarracht an Bhascais a fhoghlaim, agus ar ndóigh tá sé ar a dtoil ag formhór a gcuid páistí. Comhartha muiníne é go bhfáiltíonn muintir na mBascach roimh daoine gan chumas labhartha Bascaise, is iad dóchasach go bpiocfaidh sias suas í.

Ansin tá leithéidí Petra, Gearmánach a mhúineann Bascais do na pobail nua seo.

Agus na leabharlannaithe áitiúla ar ndóigh, Iñaki, Aitziber is Marga, laochra eile agus sárchuileachta chomh maith céanna.

Feabhsaíonn an aimsir ansin arís, agus tugaim sciúrd eile faoin gcósta.

Sraitheanna buí gaineamhchloch is mó atá soir uaim anseo i Pasai Donibane, iad claonta is riastartha ag sléibhte na bPiréiní nuair a d'fhás siad aníos caoga milliún éigin bliain ó shin.

Cuireann ballaí na cé foscadh ar fáil do bháid an chuain seo, ar ndóigh, ach tá suaitheadh a dhóthain anseo istigh freisin, mar sin féin. Is léir ó bheith ag siúl i measc raic na díthrá méid an bhruscair atá sa mhuir inniu. Tá aithne agam ar fear anseo, Xabi, atá ag déanamh taighde ar cheist seo dramhaíola na farraige, is cuireann sé scanradh orm a bhíonn le rá aige faoi chomh fairsing, buanseasmhach is atá sí. Thíos ar an gcladach tá fianaise freisin ar shuaitheadh de shórt eile, leac beag i gcuimhne ar ceathrar a tháinig i dtír i mbád anseo le linn laethanta suaite 1984, is a maraíodh ag fórsaí slándála na Spáinne.

Ag taisteal siar fán gcósta, idir Deba is Zumaia, sraitheanna geala aolchloch atá leagtha síos, suas is trasna ag riastradh céanna sin na bPiréiní, á lúbadh is á gcasadh ar aill is cladach.

Is cuma inné nó caoga milliún bliain ó shin, bíonn fothragadh damanta sa saol seo i gcónaí.