en fy eu mk sl ga

Colm Ó Ceallacháin

2017-11-28 15:40 — Donostia

Scáth Hugo

'Nuair a thagann ár gcodladh orainn cois cuain/ In ár gcluasa, mar chogarnach cloisimid/ Fuaim na gaoithe ar na tonnta/ Fuaim na dtonnta ar na carraigeacha/ In ár mbrionglóidí cloisimid/ Rabhcáin mhara i bhfad uainn.

Nuair a tháinig Victor Hugo chun cónaithe anseo i Pasai Donibane in 1843, spreag áilleacht agus mistéir na háite é leis na línte thuas a scríobh.

 Paul Delourede agus Jean Mounet-Sully lasmuigh de Theach Miranda i Pasai Donibane.

Agus mé anseo le breis agus mí anois tuigim cúis a spreagtha, fiú má tá éagsúlacht éigin sna fuaimeanna is na radhairc thar mar a bhí céad seachtó éigin bliain ó shin. I lár na hoíche cloisim ulchabhán ar chúl an tí, é ag glaoch gan stad. Cá bhfaigheann sé an t-am, i rith an cheiliúrtha seo go léir, le dul ag sealgaireacht? Tríd an fhuinneog sciorrann dhá sholas thart, ceann dearg is ceann glas, ó bhád an phíolóta is é ag fáil réidh le bád mór éigin a thionlacan go calafort. Siosarnach uisce ansin agus ceann an bháid féin, oll-iompróir carrana, ag scuabadh na sáile roimhe, dordán an innill is é ag seoladh thart, agus slaparnach uisce ar bhallaí na cé ina lorg. Ciúnas ansin arís, corrán na gealaí ag dul faoi íor na spéire, agus cogarnach gaoithe. Gaoth mheirbh atá ag séideadh le roinnt laethanta anuas, gaoth aneas, gaoth na ngealt mar a thugann Bernardo Atxaga air, 'gaoth gach neach míshocair atá de shíor ar thóir rud éigin, gaoth iad siúd atá bocht ó spiorad, iad siúd a chodlaíonn ina n-aonar, lucht brionglóidí lae.' Oireann an ghaoth sin domsa anocht. Tá na huaireanta á bhfógairt ag an gclog ar shéipéal Naomh Eoin Baiste - a haon, a dó, a trí, a ceathair - agus roimh bhreacadh an lae iompaíonn an ghaoth ó thuaidh, is éalaíonn cith beag isteach ó Bhá na Bioscáine. Le casadh na taoide seolann an t-olliompróir amach arís, é lán go craos anois le Mercs ón mhonarcha charranna i Gasteiz.

Eisceacht, ar shlí, comhlacht ilnáisiúnta mar Mercedes a bheith lonnaithe anseo. Ag tiomáint tríd na ngleannta dúinn is muid ag dul i dtreo Oñati, níl baile ar bith gan a thionscal féin, tionscail dhúchasacha cuid mhaith díobh. Ní hionadh an spiorad láidir fiontraíochta anseo is dócha, agus an traidisiún iascaireachta, mianadóireachta is miotalóireachta atá ag na Bascaigh leis na cianta. Ach fós, bíonn eisceacht nó dhó i measc na n-eisceachtaí féin. Bhí mé ag caint le Mikel i taberna lá, fear atá i measc na mílte a oibríonn i gcomhlacht CAF i Beasáin agus cóistí traenach d'ardchaighdeán á dtáirgeadh acu. Dar leis féin is é an t-oibrí is leisciúla san áit é, agus maíonn sé go mbíonn a shaoiste de shíor ag tairiscint saoire breise dó ar mhaithe le leas an chomhlachta. Nuair a tharlaíonn sé seo imíonn sé thar lear, ag iarraidh Béarla a fhoghlaim. Tá Béarla ar a thoil aige faoi seo.

Má tá spiorad fiontraíochta i measc na mBascach, tá spiorad láidir cairdis iontu chomh maith céanna, is cuirtear fáilte chroíúil roimh chuairteoirí. Bhí bród ar Imanol agus sliabh Urbin á thaispeáint aige dom, is canathaobh nach mbeadh, chomh hálainn is atá an tírdhreach anseo.

Thíos ag bun an tsléibhe atá a bhaile dúchais, Oñati, baile dea-chóirithe le daonra de 20,000, agus ollscoil acu le cúig chéad bliain. Fearann a mhuintir fáilte flaithiúil romham is tagann clabhsúr leis an lá le béile atá, mar is gnách i dTír na mBascach, blasta, fairsing.

I dteach na scríbhneoirí a chónaím, Hugoenea, é ainmnithe in ómós do Victor Hugo ar ndóigh. Ag an deireadh seachtaine eagraíodh turas go hiarsmalann Victor Hugo atá in aice láimhe, agus bhuail mé isteach chucu le buíochas a ghabháil le muintir an bhaile as chomh fial is atá siad liom.

Ar ár slí chun na hiarsmalainne tagaimid ar Jean Valjean, is an fear bocht fós faoi ghlas. 

Cúpla mí ar fad a chaith Hugo i Pasai, ach is léir gur fhág an áit a lorg air. Go deimhin níl i dturas seo na beatha ach seal, ach cá bhfios cén lorg a fhágfaimid go léir inár ndiaidh. An é sin scáth Hugo a fheicim os comhair bhalla Tí Miranda inniu?