en fy eu mk sl ga

Diarmuid de Faoite

2017-06-14 19:20 — Bitola, Macedonia

Tá an dá bhealach ann, an bealach díreach is an bealach cam.

Is minic a deirtear nach bhfuil sa domhan seo ach paróiste beag agus is cinnte gur fíor é nuair a thagann sé go dtí an tÉireannach agus an dúil aisteach atá aige sa taisteal. Ní raibh ach lá amháin caite ó fuaireas an dea scéala ó Fhoras na Gaeilge go raibh glactha lem' iarratas mar scríobhnóir cónaitheach sa Mhacadóin, faoin scéim tras-Eorpach Other Words/Focail Eile, nuair a fuaireas teachtaireacht ó chol ceathrar liom ag cur i gcuimhne dom go raibh sé fhéin pósta le bean ón Macadóin. Go deimhin, bheadh sé sa Mhacadóin agus mise mé féin san áit. "Faigh amach cá bhfuil do thriail," arsa seisean, "cén baile a bhfuil siad do do chur ann." Fuair mé amach gur Bitola ainm an bhaile. Labhair sé lena bhean. Tháinig sé ar ais chugam: "Beidh tú togha, Gaillimh na Macadóine atá ann, lán le 'thespians' cosúil leat féin." Nach maith an spota a phioc said dom, cá bhfios nach néireoidh liom  beagán aisteoireachta a dhéanamh fad a bheas mé thall? A bheas? Atá...mar go bhfuil mé sa Mhacadóin le trí lá anois! Is léir go bhfuil taibhse Shean Phádraic Ó Conaire fós do mo leanacht timpeall an domhain mar is ag scríobh leagan stáitse dá ghearrscéal, 'Nóra Mharcuis Bhig' a bheas mé anseo... agus b'fhéidir beagán oibre a dhéanamh ar 'Deoraíocht' freisin...tuilleadh faoi sin ar ball. 

Bóthar na Trá Gaillimh.

Agus, ar ndóigh, ní fhéadfainn slán a rá leis an bhfód glas oileánach sin ar a mhairim gan dul ar sciúird le Pádraic Ó Conaire i dtosach! Sea, d'fhág mé Gaillimh Déardaoin seo caite is nílim ach i ndiaidh ceann scríbe a bhaint amach! As Gaillimh, thaistealaíomar suas trí Chontae ársa Shligigh, thiomáineas thar an sliabh sin ar a maraíodh mé fadó le beagán múineadh a chur orm féin (maraíodh Diarmuid na miotaseolaíochta ag torc ar shleasa Bhinne Bulbain). Thar an teorainn linn ansin, muid ag babhtáil scéalta ó na sean laethanta nuair a bhí na trioblóidí ar siúl, bóithre dúnta agus imní orainn go bhféadfadh sé ar fad filleadh ar phobail an teorainn an athuair agus an Bhreatimeacht seo romhainn.

Sea, tá muid díreach in am le haghaidh toradh an todhcháin: dúisíonn muid leis an scéala go bhfuil pobail na tuaiscirte scoilte go hiomlán agus greim scornaigh ag an DUP ar Pháirtí Chaomhach na Breataine. Má chreideann tú gur arú inné a cuireadh tús leis an domhan b’fhéidir gur sásta a bheas tú leis an scéal ach, do mo leithéide, ábhar imní é.

Ach cén dochar, tá dráma le déanamh againn! Suas linn go dtí an Chultúrlann. Duine ag ól caifé lasmuigh den áit, daoine isteach is amach as an áit, dóirse gloine, dóirse oscailte. Nuair a thosaigh mé ag teacht go Béal Feirste sna hochtóidí, dóirse druidte, ceamaraí slándála agus ráillí cruaiche an fháilte a mb’éigean a chur roimh chuairteoirí. Ainneoin cumhacht an DUP, tá an saol ag bogadh ar aghaidh.

Rory agus Chris na teicneoirí atá romhainn; d’oibrigh muid leo cheana. ‘Happy days’ mar a déarfadh John Duddy an iardhornálaí/aisteoir a bhí ag obair liom féin agus Rory i nDoire cupla bliain ó shoin. Duine de na fir amharclainne is fearr ar m’aithne é Rory agus, idir é féin, Chris agus mo leathbhádóir Darach (teicneoir agus bádóir é i ndáiríre!) is gearr go mbíonn an dráma ag breathnú níos fearr ná 'riamh. Gheall Aisling Ghéar lucht féachana dom is níor ligeadar síos mé: an lucht féachana is bríomhara a bhí agam le bliain go leith anuas. Tuigeann siad gach focal agus tugaim faoi deara nach bhfuilim ag iarraidh an dráma a smachtú a thuilleadh ach muinín a bheith agam as an nóiméad, as an méid atá ag tarlú eadrainn. Tá draíocht san amharclann anocht agus pribhléid nach beag é bheith ar stáitse an oíche sin.

Tar éis bua mór bíonn ceiliúradh. Scaoiltear amach an ‘clutch’ an oíche sin, ainneoin an bheirt againn bheith spíonta. Casaim le seanchara a thug lóistín dhá mhí dom i mBéal Feirste fadó, le haisteoir as Gaillimh atá thuas a' déanamh dráma í féin agus le himirceach óg as Conamara. Bíonn siad ann! Ní inniu ná inné a thosaigh Gaeil na Gaillimhe agus Gaeil Bhéal Feirste ag meascadh lena chéile. Tugtar aire na huibhe dúinn agus is gearr go mbíonn sé ina maidin. Níl ach fadhb bheag amháin ann: tá leabhar le seoladh! Caifé láidir agus ar ais linn suas Bóthar na bhFál le haghaidh ócáid aoibhinn eile: an tOllamh nua le Gaeilge in Ollscoil Mháigh Nuad, Fionntán de Brún, ag seoladh mo leabhar nua dom (leagan dhá theangach de Sheacht mBua an Éirí Amach, le Pádraic Ó Conaire, réamhrá le Brendan MacGabhann ó Iarsmalann na Gaillimhe, an leabhar aistrithe agamsa). Deireann Dónal, fear a ‘ tí, liom nach aon chall imní dom: gurb é siopa leabhair an Cheathrú Póilí na saineolaithe is mó sa tír nuair a thagann sé go dtí leabhair a sheoladh! An cheart aige leis: bia, deoch, cainteoirí, cathaoireacha, lucht éisteachta, gach rud in ord agus in eagar agus is álainn pléisiúrtha an tráthnóna a chaitheann muid i measc na leabhar agus na nGael. Níl díol ró mhór ar leabhair na laethanta seo ach ábhar dóchais dom an méid clúdaigh crua a cheannaítear. Tá an slacht ar an leagan clúdach crua agus mé an bhuíoch de na foilsitheoirí: Arlen House agus CIC.

Mé fós ag dul i dtaithí orm féin mar scríobhnóir. B’éigean dom suigh síos liom fhéin cúig bhliana ó shin agus liosta a dhéanamh amach den méid a bhí scríofa agam lena chruthú dom féin, ná bac le duine ar bith eile, gur scríobhnóir mé. Ní ligfeadh an náire dom é a admháil. Nílim 100% compórdach leis an dteideal fós (cé mise le bheith in aon rang le hÓ Conaire, Ó Flatharta, Mac Grianna, Ó Conghaíle, Yeats, Synge, srl srl.) B’fhearr dom gan a bheith ag cur an bhrú sin orm féin ach is ait an mac é an duine is nach iontach na cleasanna a bhíonn againn chun breithiúnas a dhéanamh orainn féin. Ach faoi mar a dúirt dlíodóir liom fadó agus mé ag os comhair breithimh: “más ag súil le ceart agus cóir atáir, tá tú san áit mícheart!”

Stopann an eitilt i mBergamo na hIodáile (leagan RyanAir de Mhilano). Dóthain ama agam chun na málaí a chur i dtaisce agus cuairt a thabhairt ar bhaile ársa Bhergamo.  Éirím an chráifeach faoi theas na gréine. Tá foghlamtha agam chomh fionnuar síochánta is atá eaglais na Mór Roinne. Léim fógra ar an doras: fáilte go dtí árdeaglais Alexander! Tráthúil go maith, b’as an Mhacadóin do Alexander The Great is nach ann atá mo thriail. Caol sheans go dtabharfadh duine ar bith naomh ar an Alexander céanna. Cúig uair a chloig san Iodáil agus idir bia, espresso den scoth, ársacht, réchúiseacht, gáirdíní eiceolaíochta agus séipéil fhionnuara, tá Éire fágtha i mo dhiaidh agam. Ar ndóigh, tá sé beagáinín beag leadránach freisin ach b’fhéidir go bhfuilim ag cur Bergamo i gcomparáid le hoíche Dé hAoine i mBéal Feirste!

 Bergamo.

Bhuel, tá an scríobhnóir seo sa Mhacadóin anois. Shroicheas Skopje, príomhchathair na tíre, tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite. Thug na paisinéirí go léir bualadh bos mór don phíolóta ar shroichint na Macadóine muid, ní de bharr fadhbanna teicniúla a shárú nó muid a thabhairt slán ón mbás ach de bharr nach bhfuil na daoine seo millte agus ní chuile lá a bhíonn siad ar eitleán.

Amach liom as an aerfort agus cúis bróid dom nach ngéillim don bhfear tacsaí a thairgíonn síob isteach go lár an bhaile dom ar €20. Sladmhargadh. Ach is mó de shladmhargadh an bus ar €1.10. Ó a dhiabhail, ach tá teas ag teacht ón ríomhaire, níl taithí ag mo ríomhairese ná ormsa ar theas na háite seo. Agus abair teas! Cupla céad slat, deoch fuar, cupla céad slat eile, uachtar reoite. Airím mo mhéar dóite agus mé á scríobh seo. An uair dheireanach go raibh an ríomhaire glúine seo ar mo ghlúin, in Éirinn, d’airigh an cása miotail deas fuar!

Tá sé scríofa i chuile threorleabhar faoin Macadóin (ní hé go bhfuil siad léite agam ná a dhath) go ndeachaigh na húdaráis beagán thar fóir leis an ‘makeover’ a bheartaigh siad don tír, do phríomhchathair Skopje ach go háirithe. Tá an oiread chéanna deilbh anois i Skopje is atá bratacha i mBéal Feirste.  Fleg City!

 

Agus seo chugainn Alexander é féin, ar bharr capaill ar bharr stuaice ar bharr céad saighdiúir, ar bharr eas uisce. Shílfeá gur cáca bainse bun os cionn atá ann, ní sheasfadh sé gaoth Atlantaigh, agus tá ceann eile ar an taobh thall den abhainn agus, b’fhéidir, seasca mion deilbh (is ionann mion agus ceithre throigh deag sa chás seo) idir eatarthu. Níl ansin ach sráid amháin. Anois, is duine mé a léann an ‘fine print’ mar a déarfá, is duine mé a fhéachann ar dhealbh, a léann an leac ag a bhun is a bhogann ar aghaidh go dtí an chéad cheann eile. Buíochas le Dia go dtagann Máthair Teresa i gcabhair orm:  Mmm... beagán áibhéal?

b’as Skopje di féin, déanaim a cuid focail, greannta i leac, a léamh, árdaím mo cheann agus feicim ceann eile, ón mbean chéanna. Caithim súil thart faoin gcearnóg: tá siad ar fud na háite. Tuigim nach néireoidh liom cúinne a chasadh anseo muna stopaim ag léamh. Right so, trasna na habhann liom chun éalú ó na deilbh, isteach sa tsean bhazaar, ceantar na muslamach agus na kebabs. ‘Sdravo’ arsa mise. Tagann sruth cainte thar nais chugam ón bhfreastalaí. Fillim ar an mBéarla. Caithfidh mé cupla focal eile a fhoghlaim…