en fy eu mk sl ga

Réaltán Ní Leannáin

2016-04-18 10:44 — Ljouwert

Taoide i Marrum

 


Bhí lá mór acu i Marrum inniu - tháinig dhá bhus ag an am céanna - dhá thionscnamh Eorpacha le chéile in aon lá amháin: Tosta agus Focail Eile. Bhí ceol agus filíocht agus ealaíon ann ar feadh an tráthnóna.

Marr + um = Baile Marr. Baile beag bídeach a ndearna na daoine a bhfuair mé síob amach ann iontas go raibh siopa nua Co-op ann - ní raibh faic ann roimhe. Tá an baile buailte leis an díog a choinníonn an Mhuir Thuaidh amach ón tír, ón talamh a ndearna na daoine thart air athshealbhú ón tsáile air le míle bliain anuas, orlach ar orlach. Tá míle bliain coimhlinte leis an nádúr sa chré faoi do chosa.
 



Thug siad 'Tij, Taoide, Tide' ar an ócáid. Nuair a fheiceann tú an díog a ritheann idir tú agus an fharraige don chéad uair, ina líne gan stad, tuigeann tú gur focal an-tábhachtach é sa Fhreaslainn!
 

Nuala Ní Fhlathúin

Bhí an lá...Frysk. Freaslainneach. Difriúil. Bhí saotharlann oscailte á reachtáil ag Nuala Ní Fhlathúin, ag athshealbhú focal ón chéad fhoclóir Freaslainnise ariamh, mar mheafar ar an bhaint idir bheith ag athghabháil talúin ón taoide agus ag athshealbhú mionteanga ón domhain mhór.

díog agus focal

Bhí ceoltóirí ann, le hamhráin nua-chumtha sa Fhreaslainnis...

 

 

No. Níl a fhios agam cad chuige a raibh na héadaí sin orthu. Ná meaisín toite acu.
 

tús an phictiúir

 

lár

Bhí ceoltóirí a chum ceol ar an ardán ansin féin - 'improv', agus ealaíontóirí taobh thiar daofa a phéinteáil dreach farraige is spéire ar an bhalla taobh thiar daofa, ag éisteacht leis an cheol. Ceann thuas nuair a thosaigh an péinteáil, íomhá thíos nuair a chríochnaigh siad é.