en fy eu mk sl ga

Diarmuid de Faoite

2017-07-13 18:59 — Bitola, Macedonia

The Good Ship Macedonia

The Good Ship Macedonia

Tá graifítí i ngach áit anseo fiú amháin ar an ‘Macedonia’ thuas. Thaithin sé i dtosach liom mar go bhfuil claonadh chun ainrialachais ionam ach, ach an oiread leis an gcuid is mó den ghraifítí sa mbaile, éiríonn sé leadránach tar éis píosa mar nach bhfuil ealaíon ná clisteacht ar bith ag baint le 95% faoin gcéad de agus baineann cuid mhór de le lucht na heite deise ag péinteáil swastikas ar na ballaí agus lucht na heite clé á gclúdach le siombal an ainrialachais. Tá dream éigin ag cáineadh na heaglaise anseo freisin, ag péinteáil crosanna ar na ballaí agus línte tríothu.

Ainneoin droch ghraifítí, níl mo shúil truaillithe ar bhealaí eile, ceal comharthaí. Comharthaí ag tabhairt fógra rabhaidh duit agus comharthaí ag iarraidh rudaí a dhíol leat. Shílfeá gur áit an chontúirteach go deo í Éire agus an méid fógraí rabhaidh atá i ngach aon áit: seachain é seo, fainic é siúd, hata crua anseo, hata bog ansiúd, ná seas, ná suigh, níl ceadhmhach seo is níl ceadmhach siúd, seachain an gadhar, an tarbh , an leictreachas, an cosán, an poll, an poll a d’fhéadfadh bheith ann ach nach bhfuil ann, an turlár a dfhéadfadh a bheith fliuch, an maorlathas, an síor rialachas, an deanaimís airgead as faitíos an duine, an déanaimís airgead as na rialacha craiceáilte seo sna cúirteanna; an rud sin ar a dtugtar árachas, nó gadaíocht institiúdach domhanda, mar a thugaimse féin air. In ainneoin easpa comharthaíochta agus ceal árachais, mothaím sábháilte anseo. Go deimhin, is í seo an tír is sábháilte ina rabhas riamh im’ shaol. Siúlaim sráideanna dorcha is ní mhothaím aon chontúirt. Níor mhothaigh mé aon bhagairt ó éinne anseo, ag aon am is tá mé sách fada sa bhfiacal chun go lastar mo chuid céadfaí nuair a athraíonn an tatmasféar ag síul timpeall cúinne. Is iomaí deis a bhí ag daoine an dallamullóg a chur orm ach níor tharla sé fós. Is iomaí uair go mbéigean dom mo lámh a chur i mo phóca agus nóta airgid a thabhairt gan cliú agam cén praghas a bhí ar an mbéile, nó ar an léine nó ar an gcadhnaire nó ar an bpionta. Sheiceáil mé na praghasanna ina dhiaidh sin le comhghleacaí liom. Níor tharla sé fós gur bhain aon duine aon cent breise díom. Bhíos sa músaem ansin, rudaí luachmhara os mo chomhair, ní raibh aon dian slándáil i bhfeidhm. Macántacht in ainneoin an easpa rialú, in ainneoin an bhochtanais (i gcomparáid le tuaisceart na hEorpa).

Tá linn snámh 50 méadair (méid Oilimpeach) amuigh faoin aer anseo acu. Is féidir tomadh isteach ann gan maor éigin bheith ag séideadh feadóige árd scréachach ort. Tá maor tarrthála ann ceart go leor, beirt acu, ach ní gá dóibh bheith ag béicíl mórán ar éinne mar go bhfuil múineadh ar na déagóirí a chaitheann an lá ag crochadh thart ag an linn snámh is ní bhíonn aon trioblóid ann. Bhuel, b’fhéidir go bhfuil cúis eile leis. Ceal farraige, níl cumas snámh ag mórán acu agus is féidir le Diarmuid Rón bheith ag lapadaíl leis gan cur isteach ó éinne.

Lasracha agus iad nocht san Árd Eaglais. Contúirt! Ó a Dhia!

Tuigim cé chomh craiceáilte is atá na rialacha agus an rialú in Éirinn agus mé anseo, áit nach bhfuil mórán rialacha ann, nó má tá, ní cuirtear i bhfeidhm chomh dian ná chomh forleathan iad. Tóg bia, mar shampla: tá an caighdeán beatha níos airde anseo go ginearálta mar go bhfásann rudaí anseo go héasca, níl dianthalmhaíocht á chleachtadh acu is níl ach leath chois ag na hollchomhluchtaí beatha agus talmhaíochta anseo sa Mhacadóin. Nuair a ithim arán anseo ní atann mo bholg, rud a tharlaíonn dom sa bhaile. Nuair a ithim torthaí bíonn blas níos deise orthu agus lobhann siad níos tapúla freisin, rud a chiallaíónn go gceannaíonn tú an méid a íosfaidh tú is ní bhíonn tú ag líonadh an chuisneora le bia a chaithfidh tú amach i gceann seachtaine. Má bhíonn na péitseanna crua, fan lá nó dhó is beidh siad aibí agus milis mar nach bhfuil siad spréáilte le hormóin agus ceimicí. Íosann siad an rud a fhásann sa chomharsanacht de réir séasúir. Is gear uainn séasúr na mealbhacháin uisce anois, cairteanna agus leoraithe ar thaobh an bhóthair tosaithe á ndíol cheana féin. Fan seachtain eile a deir Sasha liom. Tá ciall aige. Sa bhaile, ná bac le fanacht seachtain, bíonn daoine ag ithe sutha talúin sa ngeimhreadh! Bheadh sé chomh maith duit gloine uisce a fháil agus cupla braon de chumhra sútha talúin a dhoirt isteach ann don mhaitheas a dhéanfaidh siad duit.

Sampla uimhir a dó: Iarradh orm seisiúin drámaíochta a chur ar bun anseo. Tá siad tosaithe againn agus tá gach éinne ag baint sult astu, buíochas le Dia. Níorbh ghá dhom árachas a fháil, a iarraidh ná foirm a líonadh amach do na póilíní agus mé ag iarraidh cuimhniú cá háit a raibh cónaí orm le triocha bliain anuas. Muna bhfuil mé ábalta dátaí agus seoltaí cearta a thabhairt maidir le cá raibh cónaí orm in Aibreáin 1994 caithfidh sé go bhfuil rud eicint ‘wrong’ liom nach gcaithfidh? Féach go bhfuil na ceardlanna ag dul ar aghaidh agus déanfar léiriú poiblí ar an Domhnach seo. Ní ghortófar éinne agus ní bheidh éinne as póca. Conas? Shuíomar síos le cupla duine, thuigeamar go rabhamar ar an leathnach céanna, dheineamar suas ár nintinn bunaithe ar ár gcuid instinní pearsanta féin, dúirt muid sea le duine amháin agus ní hea leis an duine eile agus tá sé ag tarlu. Bíonn siad ag caint ar an mafia agus an rialtas anseo ag tógaint a sciar féin. Feictear dom go dtarlaíonn an rud céanna sa bhaile: ní féidir méar a árdú anois gan duine éigin a íoc ach go bhfuil sé ar fad anois faoi institiúidí, tástálacha, sláinte agus sábháilteacht, árachas, rialú, measúnú, measúnú ar an measúnú, clúdach árachais, do thóin a chlúdach, cúirt a chur ar dhuine seachas cuairt a thabhairt orthu. Cad faoin rial simplí seo a leanas? Is duine fásta thú, tá tú freagrach asat féin, slán leat.Cuireann sé olc orm.

Is maith liom go bhfuil rudaí ar an tsráid anseo atá neamhchríochnaithe agus an bhfuil fhios agat cad a dhéanann daoine? Ní bhuaileann siad ina naghaidh, ní thiteann siad isteach i bpoll mar go bhfuil siad ina gcoirp seachas ina gceann. Tá siad ‘ann’ seachas bheith curtha soir ag comharthaí, treoracha, agus faitíos roimh ghlaoch chun na cúirte. Tá an dá chois fúthú anseo, agus is deas na cosa atá acu freisin.

Cuid de na hábhair a bhíonn muid ag plé sna seisiúin ná an corp samhlaithe, pointí fuinnimh sa chorp, oscailteacht, freagairt dá chéile go fisiciúl agus go rithimiúl. Tá siad ábalta chuige agus ní chailleann siad spéis. Tá beirt sa rang a dfhéadfadh a bheith ina rinceoirí proifisiúnta go réidh. Cuimhním ar rud a dúirt an tOllamh Droznyn ó Amharclann Ealaíne Mhoscó liom fadó: “tá faitíos orm go dtitfidh muintir an Iarthair as a seasamh lá éigin, tá siad imithe chomh mór sin óna gcoirp agus ó úsáid fisiciúl a gcoirp.” Tá rud éigin á chailleadh againn san Iarthar: muid fhéin. Anseo, sa Mhacadóin, tá an dá chois ar an talamh ag daoine, níl aon imní orm go dtitfidh aon duine acu is ní gá aon fhógraíocht a dhéanamh roimhré faoi shláinte agus shábháilteacht. Ar ndóigh tá na sráideanna lán le bacanna, píosaí moirtéara titithe de na ballaí, cuaillí ag giobadh aníos. Foraois atá ann. Foraois urbach. Is maith ann é. Ach níl siad ag siúl thart ag breathnú suas síos clé agus deas an tam ar fad, tá tuiscint acu ar a gcoirp, ní gá dóibh bheith. Tá tuiscint acu ar spás, ar an spás idir rudaí is ní bhíonn orthu tosú ag pleanáil trí chéad méadar ó dhuine an rachaidh siad ar a dheis nó ar a chlé ag siúl tharstu. Gach duine amuigh ag siúl is ní fhaca mé beirt ag bualadh in aghaidh a chéile fós, ná daoine ag léimt as a gcraiceann de bharr rothaí ag dul tharstu. Deireann an corpeolas seo go leor faoin gcultúr agus faoin tír. Tá sé ar nos go bhfuil foghlamtha acu conas glacadh leis an duine eile gan aon scéal mór a dhéanamh as.

Níl ciall ná réasún le leath de na rialacha san Iarthar agus osclaítear mo shúile dom anseo don saoirse a bhí againn is atá caillte againn. Saoirse a deirim. An saoirse bheith ag duine bialann glan nó salach a bheith aige, saoirse a bheith ag duine buidéal beoir a ól ar a chompórd ag a deich ar maidin go hoscailte, más maith leis, nó gloine beag rakia roimh dhul ag obair bheith aige, saoirse a bheith ag an duine am a bheith aige, saoirse ama, saoirse a bheith ag an duine lá a chur amú lena chairde ag breathnú ar an saol a dul tharais. Síleann córas Mheiriceá nach bhfuil sa tsaol ach obair agus carnáil airgid, an bhrionglóid chéanna slogtha ag an Eorap anois. Síleann go leor eile gur rud í an obair a dhéanann tú má bhíonn fonn ort chuige. Is tábhachtaí comhluadar anseo ná rud ar bith eile. Cairdeas, gaol. Tuigeann siad gur tábhachtaí caidreamh idir dhaoine ná rud ar bith eile. Sílim go bhfuil an ceart acu.

”An dtiocfaidh tú amach ag spraoi liom?”