en fy eu mk sl ga

Tá lúcháir ar choiste roghnúcháin Focail Eile a fhógairt go bhfuil Orna Ní Choileáin

OrnaTá lúcháir ar choiste roghnúcháin Focail Eile a fhógairt go bhfuil Orna Ní Choileáin, scríbhneoir Gaeilge ó Bhaile Átha Cliath, le glacadh le tréimhse cónaithe sa chlár. Beidh sí san Fhreaslainn idir Aibreáin agus Meitheamh 2016. Cuireadh sé thionscadal ar fad isteach chuig an gcéad ghlao oscailte seo, agus thug an coiste roghnúcháin suntas don chaighdeán ard a bhaineann leo go léir.

Is é an aidhm atá ag clár Focail Eile líonra de thréimhsí cónaithe cruthaitheacha a chruthú do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh le comhpháirtithe i roinnt tíortha Eorpacha. Is iad seo a leanas eagraíochtaí comhpháirtíochta chlár Focail Eile, atá á chur chun cinn ag Donostia Kultura agus DSS2016: Donostia Kultura (Tír na mBascach), Foras na Gaeilge (Éire), X–OP Malartán oibritheoirí agus táirgeoirí ealaíne (an tSlovéin), Fóram Óige na Mladi (an Mhacadóin) agus Ljouwert/Leeuwarde 2018 (an Fhreaslainn).

Beidh Focail Eile ar siúl idir 2016 agus 2019.